11 Agus do mhasluigheadar Día neimhe tré iomad a ndoilgheasa agus a neasgoideadh, agus ní dhearnadar aithrighe ar son a noibreacha.
12 Agus do dhóirt an seiseadh aingeal a shoitheach sa nabhuinn mhóir Euphrátes; agus do thiormuigh a huisge, ionnus go mbíadh an tslighe réidh ag ríoghuibh na háirde shoir.
13 Agus do chonnairc mé trí spiorada néamhghlana bá cosmhuil ré cnadáin ag teachd amach as béul an dragúin, agus as béul a nainmhidhe, agus as béul an fháidh fhallsa.
14 Oir is spiorada deamhan íad, bhíos ag déunamh cómharthadh, agus théid amach go ríoghuibh na talmhan agus an domhuin uile, chum a gcómhchruinnighe a gceann chatha láe mhóir Dhé Uilechúmhachduigh.
15 (Tabhruidh aire ribh, atáim ag teachd mar ghaduighe.) Is beannuighe an tí do ní faire, agus choimhéudus a éuduighe, deagla go siúbhaladh sé lomnochduighe, agus go bhfaicfedís a náire.)
16 Agus do chruinnidh Día íad go háit dá ngoirthear a Neabhráis Armageddon.
17 Agus do dhóirt an seachdmhadh aingeal a shoitheach fá a naiér; agus táinic gúth árd amach as teampoll neimhe ón gcathaóir ag rádh, Atá sé déunta.