8 An tainmhidhe do chonnairc tú do bhí sé ann, agus ní bhfuil; agus eiréochuidh sé a níos as an bpoll dubhaigéin, agus do gheubhuidh a sgrios: agus budh hiongnadh ris an luchd áitreabhas an talamh, (ag nach bhfuil a nanmanna sgríobhtha a leabhar na beatha o thus an domhain,) an tan do chífid an tainmhidhe do bhí ann, agus nach bfhuil, agus fós atá.
9 Ann so atá ninntinn aga bhfuil éagna. Na seachd gcinn úd, is seachd gcnuic íad, ar a bhfuil an bhean na suidhe.
10 As seachd ríghthe íad mar an gcédna: do thuiteadar cúigfhear dhíobh, agus mairidh áon, agus atá áon eile gan teachd fós; agus an tan thiucfus se, as goirid chaithfeas sé faireach.
11 Agus an tainmhidhe do bhí ann, agus nach bhfuil, a sé fós an tochdmhadh é, agus as don mhóirsheisear é, agus do gheubhuidh a sgrios.
12 Agus na deich nadhárca do chonnairc tu as deich ríghthe íad, nar ghabh ríoghachd chuca fós, achd gheabhus cúmhachda chuca mar ríoghuibh a náonúair ris a nainmhídhe.
13 Atáid so dhéunchómhairle, agus do bhéuruid a neart agus a gcúmhachda dón nainmhídhe.
14 Cómhruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruidh an Túan buáidh orrtha: óir a sé Tíghearna na dtíghearnadh é, agus Rí na ríghtheadh: agus an luchd atá dhá tháobh atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtógha, agus ionnruic.