2 As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do sháothar, agus thfoighid, agus nách éidir leachd iomchar ris na drochdháoinibh: agus gur dhearbh tú an dream a deir gur ab apsduil íad féin, agus nach eadh, agus fuáir tú breúgach íad:
3 Agus do cuireadh eire ort, agus iomchruidh tú go foighideach, agus ar son mhanmasa do rinne tú sáothar, agus níor tuirsigheadh thú.
4 Gidheadh atá agum a tádhuigh, gur thréig tú do chéudghrádh.
5 Uime sin bíodh coimhne agud cá hionad as ar thuit tú, agus bíodh aithreachas ort, agus déun na céudoibreacha; nó tiucfuidh mé ad choinne go haithghearr, agus athróchad do choinnleoir as a ionad, mona ndearna tú aithrighe.
6 Gidheadh atá so agad, go bhfuil fúath agad doibreachuibh na Nícoláiteach, dá bhfuil fúath agumsa mar an gcéudna.
7 An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisidhibh; Do bhéura mé don tí bheireas buáidh, ní ré a ithe do chrann na beatha, noch atá a meadhón phárrthais Dé.
8 Agus sgríobh chum aingil eagluise na Smirna; Ag so na neithe a déir an céidneach agus an neach deigheanach noch fuáir bás, agus atá beó;