4 Gidheadh atá agum a tádhuigh, gur thréig tú do chéudghrádh.
5 Uime sin bíodh coimhne agud cá hionad as ar thuit tú, agus bíodh aithreachas ort, agus déun na céudoibreacha; nó tiucfuidh mé ad choinne go haithghearr, agus athróchad do choinnleoir as a ionad, mona ndearna tú aithrighe.
6 Gidheadh atá so agad, go bhfuil fúath agad doibreachuibh na Nícoláiteach, dá bhfuil fúath agumsa mar an gcéudna.
7 An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisidhibh; Do bhéura mé don tí bheireas buáidh, ní ré a ithe do chrann na beatha, noch atá a meadhón phárrthais Dé.
8 Agus sgríobh chum aingil eagluise na Smirna; Ag so na neithe a déir an céidneach agus an neach deigheanach noch fuáir bás, agus atá beó;
9 As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do bhuáidhirt, agus do bhochdaine, (gidheadh atá tú sáidhbhir) agus an mhalsa do bheir an dream noch a dei gur Iúduigheadh íad féin, agus ní headh achd sinagóig Shátain.
10 Ná bíodh eagla éinneithe dhá bhfuileónguidh tú ort: féuch, teigeumhuidh go dteilgfe an díabhal cuid aguibh a bpríosún, chum bhur ndearbhtha; agus biáidh sibh dá bhur mbuáidhreadh deich lá: bí díleas go bás, agus do bhéursa dhuit coróin na beatha.