17 Agus a deir an Sbiorad agus an bhean núadhphosda, Tárr. Agus abradh an tí chluin, Tárr. Agus tagadh an tí ar a bhfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacadh sé uisge na beatha a naisgidh.
18 Oír do ním dfiadhnuise dá gach áon dá gcluin bríathra faidheadóireachda an leabhairse, Dá gcuiridh éinneach tuilleadh ríu so, go gcuirfe Día airsean na plágha atá sgriobhtha sa leabharsa:
19 Agus dá mbeanuidh éinneach do bhríathruibh leabhair na faidheadóireachdsa, beanfuidh Día a chuidsion as leabhar na beatha, agus as a gcathair náomhtha, agus as na neithibh atá sgríobhtha sa leabharsa.
20 A deir an tí do ní fíadhnuise na neitheannsa, Go deimhin is gearr go dtiucfa mé; Amén. Uime sin, tarr, a Thíghearna Iósa.
21 Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén. FOIRCHEANN