2 Agus a lár na shráide, agus ar gach táobh don tsrúth, do bhí crann na beatha, do bheireadh dhá thóradh dhéug úadh, agus do bheireadh a thóradh úadh gacha míos: agus do fhoghlain duille an chroinnsin chum leighis na gcineadhach.
3 Agus ní bhiádh mallughadh ar bith ann ní sa mhó: achd biáidh cathaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do dhéunuidh a shearbhfhoghantuigheadha seirbhís dó:
4 Agus do chífid síad a aghuidh; agus biáidh a ainm á gcláruibh a néudan.
5 Agus ní bhiáidh óidhche ann sin; agus ní bhfuil uireasbhuidh lóchruinn, ná solais gréine orrtha; óir do bheir an Tíghearna Día solas dóibh: agus béid síad na ríoghuibh go sáoghal na sáoghal.
6 Agus a dubhairt sé riom, Is díleas fíreanneach na bríathrasa: agus do chuir an Tíghearna Día na bhfáidheadh náomhtha a aingeal úadh dfoillsiughadh dhá shearbhfhoghantuighibh féin na neithe is éigean do dhéunamh go haithghearr.
7 Féuch, tigim go lúath: is beannuighe an tí choimhéudas bríathra fáidheadoireachda an leabhairse.
8 Agus mise Eóin an tí do chonnairc agus do chúaluidh na neithese. Agus an tan do chúala agus do chonnairc íad, do thuit mé síos chum sléuchdana do dhéunamh a bhfiadhnuise chos a naingil do fhoillsigh na neithese dhamh.