1 Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Sardis; Ag so na neithe a deir an ti agá bhfuilid seachd Sbiorada Dé, agus na seachd réulta; As aithne dhamh hoibreacha, go bhfuil ainm ort bheith béo, gidheadh atá tú marbh.
2 Bí ad dhúsachd, agus neartuigh an chuid eile, atá ambáoghal báis: oir ni bhfuáir mé hoibreacha iomlán a bhfiadhnuise Dé.
3 Uime sin bíodh na neithe do ghlac agus do chúala tú ar coimhne agad, agus connaimh íad, agus déun aithrighe. Achd cheana muna dhearna tú faire, tiucfa mé ort mar ghaduighe, agus ní bhiáidh fios na huáire a dtiucfa mé ort agud.
4 Atá beagán danmannuibh fos agad a Sardis nár shlauidh a néuduighe; agus siubhóluid síad má ráon riomsa a néuduighibh gléigheala: óir as fíu sin íad.