14 Agus sgríobh chum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neithe a deir Amen, an fhíadhnuise dhíleas fhírinneach, tosach crúthuígheadh Dé;
15 As aithne dhamh hoibreacha, nach bhfuil tú fuar ná teith: do bfearr leam go mbeitheá fuár nó teith.
16 Uime sin do bhrígh go bhfuil tú boigtheith, gan bheíth teith no fuar, atá fúm do sceith amach as mó bhéul.
17 Oír a deir tú, Atáim saidhbhir, agus líonta do mháoin, agus ní bhfuil uireasbhuidh éinneithe oram; agus gan a fhios agad go bhfuil tú dearóil, agus ad thrúaghan, agus bochd, agus dall, agus lomnochd:
18 Do bheirim do chómhairle dhuit ór a cheannach uáimse do dearbhadh a dteine, ionnus go mbeitheá saidhbhir; agus éuduighe geala, chum a gcur iomad, ionnas nach budh léir gráineamhlachd do lomnochduighe; agus ung do shúile ré fobhairt na súl, ionnus go madh lér dhuit.
19 An mhéid is ionmhuin leamsa, cronuighim agus smachduighim íad: uime sin bíodh teasghrádh agad, agus déun aithrighe.
20 Féuch, seasaim ag an doras, agus bím dhá bhuáladh: ma éisdeann einneach rém ghúth, agus go noisgeóluidh an doras, racha mé a steach chuige, agus íosad mo shuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.