4 Atá beagán danmannuibh fos agad a Sardis nár shlauidh a néuduighe; agus siubhóluid síad má ráon riomsa a néuduighibh gléigheala: óir as fíu sin íad.
5 An tí bheireas buáidh, biáidh sé ar na éudughadh déuduighibh gléigheala; agus ní sgriosfad a ainm choidhche as leabhar na beatha, achd aidmeócha mé a ainm a bhfíadhnuise Mathar, agus a bhfíadhnuise a ainglidhibh.
6 An tí agá bhfuil cluas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhibh.
7 Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Bphiladelphia; Ag so na neithe a deir an neach náomhtha, án neach fírinneach, agá bhfuil eochair Dháibhi, an tí osglas, agus ní dhúnann éinneach; an tí dhúnas, agus ní osglann éunduine;
8 As aithnidh dhamh hoibreacha: féuch, do chuir mé doras osguilte romhad, agus ní héidir déinneach a dhúnadh: do bhrígh go bhfuil brígh bheag ionnad, agus gur choimhéid tú mo bhríatharsa, agus nar shéun tú mainm.
9 Féuch, do bhéura mé air an druing do shínagóig Shátain, noch a deir gur Iúdaigheadh íad féin, agus nach eadh, achd do níd bréug; féuch, do bhéura mé ortha teachd agus sléuchduin do dhéunamh agad chosuibhse, agus biaidh a fhios aca go dtug mise grádh dhuit.
10 Do bhrígh gur choimhéid tú briathar mfoighidesi, do dhéunsa thusa choimhéud ar aimsir an chathuige, noch atá chum teachda ar a tsáoghal uile, chum dearbhtha na druinge áitigheas an talamh.