1 Agus do chonnairc mé ar láimh dheis an tí do bhí na shuídhe sa gcathaóir, leabhar sgríobhtha don táoibh a stigh agus don táobh a muigh, do daingnigheadh ré seachd séula.
2 Agus do chonnairc mé aingeal neartmhar noch do sheanmóruígh do ghúth árd, Cía atá iomchubhaidh chum an leabhair dfosgladh, agus chum a shéuluighe sgáoileadh?
3 Agus níor bhféidir ré héinneach air neamh, ná air talamh, ná fáoi an dtalamh, an leabhar dfosgladh, ná fós feuchain air.
4 Ann sin do cháoi mise go mór, do bhrígh nach raibh éinneach air fhagháil do bfíu an leabhar dosgladh ná a leughadh, na fós féuchain air.
5 Agus a dúbhairt neach do na seanóiribh riom, Ná guil: féuch, rug an Leomhan do threibh Iúda, Fréumh Dháibhí, buáidh air an leabhar dfosgladh, agus ar a sheachd séuluighibh go sgáoileadh.
6 Uime sin do fhéuch mé, agus, féuch, a meadhón na cathaóireach, agus na gceithre mbeathach, agus a meadhón na seanóir, Uán na sheasamh amhuil tar éis a mharbhtha, ar a rabhadar seachd nadharca agus seachd súile, agár ab íad seachd Sbiorada Dé íad do cuireadh amach feadh na talmhan uile.