4 Ann sin do cháoi mise go mór, do bhrígh nach raibh éinneach air fhagháil do bfíu an leabhar dosgladh ná a leughadh, na fós féuchain air.
5 Agus a dúbhairt neach do na seanóiribh riom, Ná guil: féuch, rug an Leomhan do threibh Iúda, Fréumh Dháibhí, buáidh air an leabhar dfosgladh, agus ar a sheachd séuluighibh go sgáoileadh.
6 Uime sin do fhéuch mé, agus, féuch, a meadhón na cathaóireach, agus na gceithre mbeathach, agus a meadhón na seanóir, Uán na sheasamh amhuil tar éis a mharbhtha, ar a rabhadar seachd nadharca agus seachd súile, agár ab íad seachd Sbiorada Dé íad do cuireadh amach feadh na talmhan uile.
7 Agus táinic sé agus do ghlac sé an leabhar as láimh dheis an tí do bhí na shuighe sa gcathaóir.
8 Agus ar nglacadh an leabhair dhó, do leigeadar na ceithre beathuigh agus an ceathrar ar fhichid seanóir íad féin síos a bhfíadhnuise a Nuáin, ar mbeith chláirseach, agus shoitheach nórgha ag gach áon díobh fó leith lán do dheagbhalaidhibh, agár ab íad urnuighe na náomh íad.
9 Agus do chanadar cainntic núadh, ag rádh, As fíu thusa an leabhar do ghlacadh, agus a shéuluidhe dfosgladh: do bhrígh gur marbhadh thú, agus gur cheannuidh tú sinne do Dhía réd fhuil féin as a nuile threibh, agus theanguidh, agus phubal, agus chineadh;
10 Agus go ndearna tú ríghthe agus sagairt dinn dár Ndía féin: agus bíam ag ríaghlughadh air an dtalamh.