7 Agus táinic sé agus do ghlac sé an leabhar as láimh dheis an tí do bhí na shuighe sa gcathaóir.
8 Agus ar nglacadh an leabhair dhó, do leigeadar na ceithre beathuigh agus an ceathrar ar fhichid seanóir íad féin síos a bhfíadhnuise a Nuáin, ar mbeith chláirseach, agus shoitheach nórgha ag gach áon díobh fó leith lán do dheagbhalaidhibh, agár ab íad urnuighe na náomh íad.
9 Agus do chanadar cainntic núadh, ag rádh, As fíu thusa an leabhar do ghlacadh, agus a shéuluidhe dfosgladh: do bhrígh gur marbhadh thú, agus gur cheannuidh tú sinne do Dhía réd fhuil féin as a nuile threibh, agus theanguidh, agus phubal, agus chineadh;
10 Agus go ndearna tú ríghthe agus sagairt dinn dár Ndía féin: agus bíam ag ríaghlughadh air an dtalamh.
11 Do fhéuch mé an tan sin, agus do chúaluidh mé gúth mhórain dainglibh a dtimchioll na cathaóireach agus na mbeathach agus na seanoir: agus a sé líon do bhádar ann deich míle núair deich míle agus miltidheadh do mhíltibh;
12 Ag rádh do ghúth árd, As fíu an Túan do mharbhadh cúmhachda, agus saídhbhrios, agus éagna, agus neart, agus onóir, agus glóir, agus moladh dfagháil.
13 Agus do chúala mé gach uile chreatúir dá bhfuil ar neamh, agus ar talamh, agus faói an talamh, agus dá bhfuil sa bhfairge, agus gach a bhfuil ionnta, ag rádh, Moladh, agus onóir, agus glóir, agus cúmhachda, don té atá na shuidhe sa gcathaoir, agus don Uan go sáoghal na sáoghal.