1 Do chonnairc mé an tan do dhosguil an Túan an chéid séula do na séuluighibh, agus do chúaluidh mé beathach do na ceithre beathuighibh ag rádh, mar fhúaim tóirrnighe, Gabh a leith agus féuch.
2 Agus do fhéuch mé, agus féuch each bán: agus an tí do shuigh air, do bhí bógha aige; agus tugadh coróin dó: agus do chuáigh sé amach maille ré buáidh, agus chum buáidhe do bhreith dhó.
3 Agus an tan do fhosguil sé an dar séula, do chúaluidh mé an dara beathach ag rádh, Gabh a leith agus féuch.
4 Agus do chuáidh each eile rúadh amach: agus tugadh cúmhachda don té do bhí na shuidhe air, síothcháin na talmhan do bhreith ris, ionnus go dtiubhradh orrtha a chéile mharbhadh: agus tugadh dhó cloigheamh mór.