4 Agus do chuáidh each eile rúadh amach: agus tugadh cúmhachda don té do bhí na shuidhe air, síothcháin na talmhan do bhreith ris, ionnus go dtiubhradh orrtha a chéile mharbhadh: agus tugadh dhó cloigheamh mór.
5 Agus an tan do fhosguil sé an treas séula, do chúaluidh mé an treas beathach ag rádh, Gabh a leith agus féuch. Agus do fhéuch mé, agus féuch each dúbh; agus an té do bhí na shuighe air do bhí meadh aige na láimh.
6 Agus do chúaluidh mé gúth a meadhón na gceithre mbeathach ag rádh, Miosúr cruithneachda air phíghin, agus trí miosúir éorna ar phíghinn; agus ná mill an ola ná an fíon.
7 Agus an tan do fhosguil sé an ceathramhadh séula, do chúala me gúth an cheathramhadh beathuigh ag rádh, Gabh a leith agus féuch.
8 Agus do fhéuch mé, agus féuch each glasbhán: agus a sé don ainm don tí do bhí na shuidhe air an Bás, agus do lean ifrionn e. Agus tugadh cúmhachda dhóibh ar an gceathramhadh cuid don talamh, a marbhadh ré cloidheamh, agus ré gorta, agus ré bás, agus ré hainmhinntibh állta na talmhan.
9 Agus an tan do fhosguil sé an cúigeadh séula, do chonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marbhadh ar son bhréithre Dé, agus ar son na fíadhnuise do chosnadar:
10 Agus do éigheadar go ghúth ard, ag rádh, Cá fad bhías tú, a Thighearna, náomhtha fhírinnigh, gan breitheamhnus do bhreith agus dioghaltus do dhéunamh ar son ar bhfolainne ar an druing áitigheas ar an dtalamh?