Taisbeanadh 6:8-14 BEDELL

8 Agus do fhéuch mé, agus féuch each glasbhán: agus a sé don ainm don tí do bhí na shuidhe air an Bás, agus do lean ifrionn e. Agus tugadh cúmhachda dhóibh ar an gceathramhadh cuid don talamh, a marbhadh ré cloidheamh, agus ré gorta, agus ré bás, agus ré hainmhinntibh állta na talmhan.

9 Agus an tan do fhosguil sé an cúigeadh séula, do chonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marbhadh ar son bhréithre Dé, agus ar son na fíadhnuise do chosnadar:

10 Agus do éigheadar go ghúth ard, ag rádh, Cá fad bhías tú, a Thighearna, náomhtha fhírinnigh, gan breitheamhnus do bhreith agus dioghaltus do dhéunamh ar son ar bhfolainne ar an druing áitigheas ar an dtalamh?

11 Agus tugadh dá gach áon díobh fó leith róbuidhe fada gléigheala; agus a dubhradh ríu, sgur ar feadh tamuill bhig, nó go mbeith uibhir a gcoimhshearbhfhoghantuigheadh agus a ndearbhraithreach ar na choimhlíonadh, noch do bhí ré haghuidh a marbhtha mar íadsan.

12 Agus do fhéuch mé an tan do fhosguil sé an seiseadh séula, agus, féuch, do chríothnuigh an talamh go mór; agus do rinneadh an ghrían cómhdhorcha ré héudach róin, agus do rinneadh an ghealach uile cósmhuil ré fuil;

13 Agus do thuiteadar réulta neimhe chum na talmhan, amhuil theilgeas an crann fige a húbhla anabuidh, an tan bhogthar í ré gaóith thréin.

14 Agus do imthigh neamh thoruinn mar leabhrán fhilltear ar a chéile; agus do hathruigheadh gach slíabh agus gach oiléun as a nionaduibh féin.