4 Agus a dubhradh ríu, Gan dochar do dhéunamh dféur na talmhan, na do ní glas ar bith, ná do chrann ar bith; achd do na daóinibh amháin ag nach bhfuil séula Dé a gcláruibh a néudan.
5 Agus tugadh dhóibh gan a marbhadh, achd bheith dhá bpíanadh feadh chúig míos: agus a bpían do bheith mar phéin aithir nimhe, an tan chailgeas sí duine.
6 Agus ann sna laethibh sin béid daóine ag íarruidh báis, agus ní bhfuighid é; agus budh mían ríu bás dfagháil, agus teithfidh an bás úatha.
7 Agus bá cosmhuil faicsin na bpíasd sin ré heachuibh ullamh chum catha; agus ar a gceannuibh mar do bhiadh corónacha cosmhuil ré hór, agus a naighthe cosmhuil ré haighthibh daóine.
8 Agus do bhí grúag orrtha cosmhuil ré gruáig bhan, agus bá cosnhuil a bhfiacla ré fiacluibh leomhan.
9 Agus do bhádar lúireacha orrtha, cosmhuil ré lúireachuibh íaruinn; agus fuáim a sgiathán cosmhuil ré fuáim carbad iomad each ag ríoth a gceann chatha.
10 Agus do bhádar earbuil orrtha cosmhuil ré haithréachuíbh nimhe, agus do bhí cailg ann a nearbluíbh: agus a sé bá cúmhachda dhóibh bheith ag gortughadh dháoineadh feadh chúig míos.