7 Agus bá cosmhuil faicsin na bpíasd sin ré heachuibh ullamh chum catha; agus ar a gceannuibh mar do bhiadh corónacha cosmhuil ré hór, agus a naighthe cosmhuil ré haighthibh daóine.
8 Agus do bhí grúag orrtha cosmhuil ré gruáig bhan, agus bá cosnhuil a bhfiacla ré fiacluibh leomhan.
9 Agus do bhádar lúireacha orrtha, cosmhuil ré lúireachuibh íaruinn; agus fuáim a sgiathán cosmhuil ré fuáim carbad iomad each ag ríoth a gceann chatha.
10 Agus do bhádar earbuil orrtha cosmhuil ré haithréachuíbh nimhe, agus do bhí cailg ann a nearbluíbh: agus a sé bá cúmhachda dhóibh bheith ag gortughadh dháoineadh feadh chúig míos.
11 Agus do bhí rí aca ós a gcionn, aingeal an dubhaigéin, dárob ainm a Neabhrais, Abaddon, agus a Ngréigis a sé is ainm dhó Apollion.
12 Do chuáidh áon truáighe amháin thoruinn; agus, féuch, atá dhá thruáighe fós chum teachda na dhiáigh so.
13 Agus do shéid an seiseadh aingeal a sdoc, agus do chúaluidh mé gúth áirighe ó cheithre hadharcuibh na haltóra órrgha noch atá a bhfiadhnuise Dé,