1 Sa bhliain céad agus a seasca tháinig Alastar Eipifanaes, mac Aintíochas, i dtír agus ghabh seilbh ar Ptolamais. Cuireadh fáilte roimhe agus chuaigh sé i mbun rialaithe.
2 Nuair a chuala Déimitrias rí é sin, chruinnigh sé slua mór agus mháirseáil amach chun catha ina choinne.
3 Ansin chur Déimitrias litir shíochánta go Iónátán ag caitheamh onóra leis.
4 “Mar,” ar sé, “b'fhearr dúinn an tosach a bheith againn agus síocháin a dhéanamh leis sula ndéanfaidh sé síocháin le hAlastar inár n‑aghaidh.
5 Óir cuimhneoidh seisean ar na héagóracha go léir a rinneamar ina choinne agus i gcoinne a bhráithre agus i gcoinne an chine.”
6 Thug [Déimitrias] údarás dó dá bhrí sin fórsaí a chruinniú, airm a sholáthar, agus bheith mar chomhghuaillí aige; agus d'ordaigh sé na gialla sa Dúnfort a scaoileadh saor chuige.
7 Chuaigh Iónátán go dtí Iarúsailéim agus léigh sé an litir i gcomhchlos an phobail ar fad agus na muintire sa Dúnfort.
8 Tháinig scéin an domhain orthu nuair a chuala siad gur thug an rí údarás dó fórsaí a thionól.
9 Agus thug lucht an Dúnfoirt na gialla suas do Iónátán agus thug sé ar ais dá dtuismitheoirí iad.
10 Chuir Iónátán faoi in Iarúsailéim ansin agus chrom sé ar an gcathair a atógáil agus a athnuachan.
11 Thug sé ordú dóibh siúd a bhí i mbun na hoibre na ballaí agus an chóir chosanta timpeall Shliabh Shíón a thógáil de chlocha gearrtha go cearnógach le go mba dhaingnide a bheidís; agus rinneadar amhlaidh.
12 Ansin theith na heachtrannaigh a bhí sna daingin a thóg Bacaídéas.
13 D'fhág gach duine a láthair féin agus d'imigh chun a thíre féin.
14 Níor fhan aon duine ach beagán díobh siúd a thréig an dlí agus na haitheanta agus a d'fhan i mBéit Zúr mar gur thearmann é.
15 Chuala Alastar rí faoi na gealltanais go léir a thug Déimitrias do Iónátán agus d'inis daoine dó faoi na cathanna go léir a d'fhear Iónátán agus a dheartháireacha agus faoi na gníomhartha gaisce a rinne siad agus na deacrachtaí a d'fhulaing siad.
16 “An bhfaighimid a leithéid go deo arís? Anois más ea, déanaimis ár gcara agus ár gcomhghuaillí de!”
17 Scríobh sé litir chuige dá bhrí sin agus sheol chuige í le teachtaireacht mar seo:
18 “Alastar rí dá bhráthair Iónátán, beatha agus sláinte!
19 Chualamar gur gaiscíoch tréan thú agus gur fiú thú a bheith mar chara againn.
20 Cheapamar dá réir sin inniu thú le bheith i do ardsagart ag do mhuintir, agus go dtabharfaí cara an rí ort” - agus chuir sé fallaing chorcra agus coróin órga chuige freisin - “agus go mbeadh lé agat linn agus go mbeadh cairdeas eadrainn.”
21 Chuir Iónátán na héidí naofa air sa seachtú mí den bhliain céad agus a caoga, i bhféile na dTaibearnacal, agus chruinnigh sé fórsaí agus sholáthraigh sé raidhse arm.
22 Nuair a chuala Déimitrias faoin méid sin, bhí brón air agus dúirt:
23 “Cad tá déanta againn a rá is go bhfuil buntáiste faighte ag Alastar orainn ag déanamh cairdis leis na Giúdaigh mar thacaíocht leis féin?
24 Cuirfidh mise freisin teachtaireacht misnigh chucu ag geallúint onóra agus duaiseanna lena mealladh chun cabhrú liom.”
25 Agus chuir sé scéala chucu mar leanas: “Déimitrias rí go dtí an cine Giúdach, beatha agus sláinte!
26 Chualamar conas mar a choimeád sibh bhur gconarthaí linne agus a d'fhan sibh dílis do bhur gcairdeas linne gan taobhú lenár naimhde agus ba mhór an sásamh dúinn sin.
27 Anois, más ea, leanaigí oraibh le bhur ndílseacht dúinn, agus déanfaimid cúiteamh fial libh ar son gach a ndéanfaidh sibh ar ár son.
28 Tabharfaimid a lán pribhléidí daoibh agus bronnfaimid a lán duaiseanna oraibh.
29 Déanaim sibhse anois a shaoradh agus na Giúdaigh go léir a fhuascailt ó gach cíos, ó cháin an tsalainn agus ó cháin na corónach.
30 Agus cé go bhfuil trian d'fhómhar an arbhair agus leath d'fhómhar na gcrann dlite dom, in áit í a thobhach, scaoilim saor ón gcáin sin, ó inniu agus as seo amach, tír Iúdá agus na trí dúichí a cuireadh leis ón tSamáir agus ón nGailíl, ó inniu agus go brách.
31 Bíodh Iarúsailéim agus a chomharsanacht, a dheachúna agus a dhleachta naofa, saor ó cháin.
32 Bogaim freisin mo ghreim ar an Dúnfort in Iarúsailéim agus tugaim i lámha an ardsagairt é le go gcuirfeadh sé a rogha féin de gharastún ann lena chosaint.
33 Agus gach Giúdach beo a tugadh mar chime ó thír Iúdá go dtí aon áit i mo ríocht, scaoilim saor in aisce iad, agus maitheadh [na feidhmeannaigh] go léir na cánacha do chách, fiú ar a n‑eallach.
34 Na féilte go léir, na sabóidí, na réanna nua agus na sollúnacha ar leith, an trí lá roimh fhéile, agus an trí lá ina diaidh, bídís-sean go léir ina laethanta fuascailte agus maithiúnais do na Giúdaigh go léir i mo ríocht.
35 Ní bheidh sé de cheart ag aon duine aon éileamh a dhéanamh orthu ná cur isteach orthu ar aon slí.
36 Liostáiltear Giúdaigh, suas le tríocha míle fear díobh, in arm an rí agus bíodh liúntais ar fáil dóibh ar aon dul leis an gcuid eile d'fhórsaí an rí.
37 Cuirtear cuid acu i ndaingin mhóra an rí, agus ceaptar a thuilleadh díobh i bpoist mhuiníne sa ríocht. Ceaptar oifigigh agus ceannairí dá gcuid féin orthu agus mairidís de réir a ndlíthe féin, faoi mar a d'ordaigh an rí i dtír Iúdá.
38 Maidir leis na trí réigiúin a cuireadh le Iúdáia ó thír na Samáire, cuirtear le Iúdáia iad ar shlí go n‑áireofar faoin aon rialtóir amháin iad, gan géillsine á tabhairt acu d'aon údarás ach don ardsagart.
39 Thug mé Ptolamais agus a chomharsanacht mar bhronntanas don sanctóir in Iarúsailéim le díol as na costais riachtanacha a ghabhann leis an sanctóir.
40 Déanaim féin freisin bronntanas de chúig mhíle déag seicil airgid in aghaidh na bliana ó chiste an rí, le teacht ó na foinsí cuí.
41 An fearasbarr go léir nach bhfuil íoctha fós ag na feidhmeannaigh mar a rinneadh blianta eile, tabharfaidh siad as seo amach é ar son oibreacha an Teampaill.
42 Mar bhreis air sin, an cúig mhíle seicil airgid a dhéantaí a thobhach ar theacht isteach sheirbhísí an tsanctóra le haghaidh na bliana, tá sé á mhaitheamh mar go mbaineann sé leis na sagairt a cheiliúrann an liotúirge.
43 Aon duine a lorgann dídean sa Teampall in Iarúsailéim, nó laistigh dá thearmainn, toisc go bhfuil sé i bhfiacha leis an rí nó a mhalairt, scaoiltear saor é agus faigheadh sé ar ais a mhaoin go léir i mo ríochtsa.
44 Maidir le tógáil agus athnuachan foirgnimh an tsanctóra, bíodh na costais go léir ar chiste an rí.
45 Bíodh chomh maith atógáil ballaí Iarúsailéim, agus an chóir chosanta ina thimpeall, mar chostas ar chiste an rí agus atógáil ballaí cathracha Iúdáia freisin.”
46 Nuair a chuala Iónátán agus an pobal na focail sin níor ghéilleadar dóibh ach iad a scaoileadh thar a gcluasa, mar ba cuimhin leo an díobháil mhór a rinne [Déimitrias] in Iosrael agus conas mar a rinne sé leatrom cruálach orthu.
47 Thaobhaíodar le hAlastar mar gurbh é ba thúisce a labhair briathra síochánta leo agus bhíodar ina gcomhghuaillithe aige ar feadh a shaoil go léir.
48 Bhailigh Alastar rí sluaite móra agus shuigh a longfort os coinne Dhéimitrias.
49 Chuaigh an dá rí i ngleic catha le chéile. Theith arm Dhéimitrias agus chuaigh Alastar sa tóir air agus bhris ar a fhórsaí.
50 Lean sé den troid go dásachtach go ndeachaigh an ghrian faoi agus thit Déimitrias féin an lá úd.
51 Chuir Alastar teachtaí go dtí Ptoilimí rí na hÉigipte le teachtaireacht mar leanas:
52 “Ós rud é gur fhill mé ar ais ar mo ríocht féin, go bhfuilim i mo shuí i ríchathaoir mo shinsear, gur dhaingnigh mé mo réim, gur bhasc mé Déimitrias, go bhfuair mé ceannas ar ár dtír -
53 mar throid mé é agus scriosamar é féin agus a arm agus táimid suite anois i ríchathaoir a ríochta -
54 anois, más ea, déanaimis conradh agus cairdeas lena chéile; tabhair dom d'iníon mar bhean chéile agus beidh mé mar chliamhain agat, agus tabharfaidh mé spré duitse agus dise, mar is dual daoibh.”
55 D'fhreagair Ptoilimí rí mar leanas: “Is aoibhinn an lá a d'fhill tú ar thír do shinsear agus a shuigh tú i ríchathaoir a ríochta.
56 Anois déanfaidh mé duit de réir mar a scríobh tú; ach buail liom i Ptolamais, i dtreo go bhfeicfimis a chéile agus beidh mé i m'athair céile agat faoi mar a dúirt tú.”
57 Chuir Ptoilimí chun bealaigh mar sin ón Éigipt, é féin agus a iníon Cleopatra agus thángadar go Ptolamais sa dara bliain ar thrí fichid ar chéad.
58 Bhuail Alastar rí leis agus thug [Ptoilimí] a iníon Cleopatra dó le pósadh agus ceiliúradh an pósadh i Ptolamais le spleodar faoi mar is gnáth le ríthe.
59 Ansin scríobh Alastar go Iónátán á iarraidh air teacht ina láthair.
60 Chuaigh sé dá bhrí sin go hollásach go Ptolamais agus bhuail leis an dá rí; thug sé airgead agus ór agus a lán tabhartas dóibh féin agus dá gcairde agus fuair sé fabhar ina láthair.
61 Chuir buíon scraistí ó Iosrael, dream ainrialta, le chéile le gearán a dhéanamh ina aghaidh, ach níor thug an rí aon aird orthu.
62 D'ordaigh an rí a chuid éadaigh a bhaint de Iónátán agus éide chorcra a chur uime, agus rinneadh amhlaidh.
63 Chuir an rí ina shuí taobh leis é agus dúirt sé lena oifigigh: “Téigí amach i lár na cathrach leis agus fógraígí gan aon duine a dhéanamh gearáin ina aghaidh faoi aon ní agus gan aon duine a chur isteach air ar aon chúis.”
64 Nuair a chonaic lucht a chúisithe an onóir a bhí á caitheamh leis de réir an fhógra sin agus é gléasta i gcorcra, theith siad go léir.
65 Thug an rí onóir dó, más ea, agus chuir a ainm ar rolla a phríomhchairde, agus cheap é ina ghinearál agus ina ghobharnóir ar an gcúige.
66 D'fhill Iónátán ansin go Iarúsailéim faoi shíocháin agus faoi áthas.
67 Sa bhliain céad agus a seasca cúig tháinig Déimitrias mac Dhéimitrias ón gCréit go tír a shinsear.
68 Nuair a chuala Alastar rí ina thaobh sin, tháinig buaireamh mór air agus d'fhill sé ar Aintíoch.
69 Cheap Déimitrias Apollóinias ina ghobharnóir ar Choílé Síre agus chruinnigh forsa tréan agus chuir léigear ar Iaimnía. Ansin chuir sé an teachtaireacht seo leanas go Iónátán an t‑ardsagart.
70 “Níor éirigh inár gcoinne ach tú! Táim i mo cheap magaidh agus aithise anois de do chionn. Cén fáth a bhfuil feidhm á bhaint agat as do chumas inár gcoinne sna hardáin?
71 Má tá muinín agat as d'fhórsaí, tar anuas ar an machaire inár n‑aghaidh agus bainimis triail as a chéile ann; tá neart na gcathracha ar mo thaobhsa.
72 Cuir ceist agus faigh amach cé hé mé agus cé hiad an mhuintir eile atá ag cabhrú linn. Déarfaidh daoine leat nach féidir duit an fód a sheasamh inár n‑aghaidh, mar gur briseadh dhá uair ar do shinsir ar a bhfóidín dúchais.
73 Agus anois ní bheidh ar do chumas an fód a sheasamh in aghaidh an mharcshlua ná an airm mhóir seo sa mhachaire, agus gan carraig ná scailp ná áit dídine ann duit.”
74 Nuair a chuala Iónátán teachtaireacht Apollóinias, bhorr an croí ann istigh. Thogh sé deich míle fear agus chuir chun bealaigh ó Iarúsailéim agus tháinig a dheartháir Síomón chuige le cabhair.
75 Shuigh sé longfort os comhair Iopa ach dhún lucht na cathrach í ina aghaidh, mar go raibh garastún ag Apollóinias in Iopa. Nuair a rinneadar ionsaí uirthi,
76 tháinig eagla ar lucht na cathrach agus d'osclaíodar dó agus ghabh Iónátán Iopa.
77 Chuala Apollóinias é sin agus chruinnigh sé trí mhíle de mharcshlua agus arm mór agus ghluais go hAzótas, amhail is dá mbeadh sé le dul níos faide. Bhí sé ag brú ar aghaidh isteach sa mhachaire san am céanna mar bhí fórsa tréan marcach aige agus é ag brath orthu.
78 Chuaigh [Iónátán] sa tóir air chomh fada le hAzótas agus chuaigh na hairm i ngleic le chéile.
79 Bhí míle marcach fágtha ag Apollóinias i bhfolach ar a chúl.
80 Fuair Iónátán amach go raibh an luíochán seo á dhéanamh i leith a chúil; thimpeallaigh na marcaigh a arm agus bhíodar ag scaoileadh a saigheada faoina chuid fear ó mhaidin go tráthnóna.
81 Ach sheas na fir an fód mar a d'ordaigh Iónátán dóibh, agus traochadh a n‑eachra siúd.
82 Ansin thug Síomón a fhórsa chun tosaigh agus chuir cath ar an bhfalang - mar bhí an marcshlua traochta - agus bhris sé orthu agus theitheadar.
83 Scaipeadh an marcshlua ar fud an mhachaire agus theith siad go hAzótas agus isteach leo i dteampall Dhágón, a n‑íol, ag lorg dídine.
84 Ach chuir Iónátán Azótas agus na cathracha máguaird trí thine; chreach sé iad agus chuir sé teampall Dhágón, agus an mhuintir a theith ina sluaite isteach ann, faoi bharr lasrach.
85 Ba é an líon naimhde a thit le faobhar claímh nó le loscadh sa tine, timpeall ocht míle fear.
86 D'imigh Iónátán leis ón áit sin, agus shuigh a champa os comhair Ascalón; d'fháiltigh muintir na cathrach sin roimhe go hollásach.
87 D'fhill Iónátán ansin ar Iarúsailéim le héadáil mhór.
88 Nuair a chuala Alastar rí faoi na nithe sin go léir, chaith sé a thuilleadh onóra le Iónátán,
89 chuir sé chuige dealg óir mar is gnáth a thabhairt do ghaolta an rí; thug sé dó chomh maith seilbh ar Eacrón agus na tailte a ghabh leis.