1 Idir an dá linn bhí an rí Aintíochas ar a bhealach trasna na gcúigí uachtaracha. Chuala sé go raibh cathair darbh ainm Ealumaes sa Pheirs a raibh cáil uirthi mar gheall ar a cuid saibhris, a cuid airgid agus a cuid óir,
2 agus mar gheall ar an teampall sárshaibhir lena chathéidí óir, a lúireacha, agus a airm a d'fhág Alastar mac Philib rí na Macadóine ann; eisean an chéad rí a fuair ceannas ar na Gréagaigh.
3 Chuaigh sé chun na háite agus rinne iarracht an chathair a ghabháil agus a chreachadh. Ach theip air de bhrí go bhfuair lucht na cathrach amach cad a bhí ar intinn aige
4 agus chuir siad go tréan ina aghaidh. Leis sin thiontaigh sé agus chúlaigh go brónach i dtreo na Bablóine.
5 Le linn dó bheith fós sa Pheirs tháinig scéala chuige gur briseadh ar na hairm a rinne ionradh ar chríocha Iúdá.
6 Chuala sé go ndeachaigh Lisias le neart slua ar dtús ach gurbh éigean dó iompú agus gur chuir [na Giúdaigh] an ruaig air; gur mhór an méadú nirt dóibh seo na hairm agus an trealamh agus an chreach líonmhar a bhain siad de na fórsaí a bhí treascartha acu.
7 An ghráiniúlacht a thóg seisean os cionn na haltóra in Iarúsailéim, gur leag siad anuas í, agus gur thóg siad ballaí arda timpeall an tsanctóra mar a bhí roimhe sin, agus gur dhaingnigh siad Béit Zúr, cathair dá chuid.
8 Nuair a chuala an rí an scéala sin cuireadh alltacht agus uafás as cuimse air; chaith sé é féin ar a leaba agus tháinig tinneas air le barr díomá mar ní faoi mar a bheartaigh sé a bhí críoch ar a chúrsaí.
9 D'fhan sé ansiúd ar feadh mórán laethanta agus é ag titim go minic i ndroim dubhach trom go dtí gur tuigeadh dó go raibh an bás aige.
10 Chuir sé fios ar a chairde go léir agus dúirt sé leo: “Tá mo shúile gan codladh agus mo chroí scanraithe le himní.
11 Bhí mé á rá liom féín cad é mar chruachás mór é seo inar thit mé agus cad é mar thuile atá ar tí mé a bhá - mise a bhí chomh fial geanúil sin i mbláth mo nirt.
12 Ach cuimhním anois ar an éagóir a rinne mé in Iarúsailéim nuair a ghabh mé na soithí óir agus airgid go léir a bhí ann, agus a d'ordaigh mé muintir Iúdá a dhíothú gan fáth ar bith.
13 Tá mé cinnte dearfa gurb é sin is cúis le mo mhí-ádh agus seo mé ag fáil bháis go dobrónach ar an gcoigcrích.”
14 Chuir sé fios ansin ar Philib, duine dá chairde, agus chuir sé i gceannas ar a ríocht go léir é.
15 Thug sé dó a choróin, a fhallaing, agus a fháinne, ar an tuiscint go múinfeadh sé a mhac Aintíochas agus é a oiliúint don ríogacht.
16 Ansin fuair Aintíochas rí bás ansiúd sa bhliain céad daichead a naoi.
17 Nuair a chuala Lisias go raibh an rí tar éis bháis, chuir sé a mhacsan, Aintíochas, i gcoróin i gcomharbacht air; d'oil [Lisias] eisean óna óige, agus thug sé Eopatór air.
18 Bhí lucht an Dúnfoirt ag bagairt ar na hIosraelaigh timpeall an tsanctóra, agus iad ag faire na faille i gcónaí chun díobháil a dhéanamh dóibh, agus iad ina dtaca láidir ag na págánaigh.
19 Bheartaigh Iúdás nárbh fholáir iad a scriosadh; chruinnigh sé an pobal go léir chun léigear a chur orthu.
20 Tháinig siad le chéile agus chuir siad léigear ar an Dúnfort sa bhliain céad agus a caoga; agus thóg [Iúdás] seastáin diúractha agus sásanna léigir.
21 D'éirigh le cuid acu éalú ón léigear, agus ghabh cuid de na hIosraelaigh éagráifeacha leo.
22 Bhain siad an rí amach agus dúirt siad: “An fada eile a fhanfaidh tú gan éiric agus díoltas a dhéanamh ar son ár mbráithre?
23 Bhíomar sásta seirbhís a dhéanamh do d'athair, géilleadh dá orduithe agus rud a dhéanamh ar a fhorálacha;
24 (agus rinne siad léigear air) dá bharrsan ní bheadh aon bhaint ag ár muintir féin linn; agus ina theanntasan chuir siad chun báis aon chuid againn arbh fhéidir leo greim a fháil orthu, agus ghabh siad seilbh ar ár maoin oidhreachta.
25 Ní orainne amháin a luigh siad lámh, ach ar na críocha go léir ina gcomharsanacht.
26 Agus, féach, inniu féin tá léigear á chur acu ar Dhúnfort Iarúsailéim lena ghabháil, agus tá an sanctóir agus Béit Zúr daingnithe acu.
27 Mura gcuireann tú cosc leo gan mhoill déanfaidh siad bearta níos mó fós agus ní bheidh ar do chumas cosc a chur leo.”
28 Tháinig racht feirge ar an rí nuair a chuala sé é sin, agus chuir sé fios ar a chairde go léir, cinn feadhna a fhórsaí, agus ceannairí an mharcshlua.
29 Agus tháinig amhais chuige ó ríochtaí eile agus ó oileáin mhara.
30 Ba é líon a fhórsaí ná céad míle troitheach, fiche míle marcach, agus tríocha dó eilifint a raibh taithí acu ar chogaíocht.
31 Tháinig siad ar aghaidh trí Idiúmáia agus chuir siad léigear ar Bhéit Zúr agus bhí á ionsaí ar feadh a lán laethanta; thóg siad innill léigir, ach rinne [na Giúdaigh] ruathar amach agus chuir trí thine iad agus throid siad go cróga.
32 D'imigh Iúdás ón ionsaí ar an Dúnfort agus shuigh sé a longfort ag Béit Zacairiá ar aghaidh longfort an rí.
33 D'éirigh an rí go moch ar maidin agus thug sé a fhórsaí leis ar bharr luais ar feadh an bhóthair go Béit Zacairiá; chuir siad cóiriú catha orthu féin agus shéid a stoic.
34 Thaispeáin siad súlach fíniúna agus maoildeirge do na heilifintí á n‑ullmhú chun troda.
35 Roinn siad na hainmhithe ar na falaing, agus chóirigh siad míle fear faoi lúireacha maille le cafairr chré-umha ar a gceann le gach eilifint; roghnaíodh cúig céad marcach freisin le gabháil le gach ainmhí.
36 Bhaineadh a marcshlua an tosach i gcónaí den eilifint cibé áit ina mbíodh sí; cibé áit ina dtéadh sí, théidís in éineacht léi, gan scarúint léi.
37 In airde ar gach eilifint bhí túr daingean cumhdaithe adhmaid, i bhfearas ar gach ainmhí le teanntaí ar leith; agus ar gach ceann acu bhí ceathrar armtha le troid ón suíomh sin, agus giolla Indiach chomh maith.
38 Bhí fuílleach an mharcshlua cóirithe ar dhá eite an airm chun an namhaid a chiapadh faoi dhídean na bhfalang.
39 Nuair a thaitin an ghrian ar na sciatha óir agus cré-umha, bhí na cnoic faoi bharr lasrach acu agus iad ag spréacharnach mar lóchrainn ar lasadh.
40 Bhí cuid d'arm an rí in eagar ar na sléibhte arda, agus a thuilleadh ar na hísleáin, agus iad ag máirseáil ar aghaidh go daingean dea-eagair.
41 An mhuintir go léir a chuala geoin an tslua, trop na saighdiúirí sa siúl, agus cling na n‑arm faobhair, tháinig ballchrith orthu mar ba mhór agus ba thréan é an t‑arm.
42 Ghabh Iúdás agus a arm ar aghaidh chun an chatha a chur agus maraíodh sé chéad fear d'arm an rí.
43 Chonaic Eileázár, ar a dtugtaí Avaran, go raibh fearas catha ríoga ar cheann de na heilifintí, agus gur mhó í ná an chuid eile go léir, agus shíl sé go raibh an rí in airde uirthi.
44 D'íobair sé é féin d'fhonn a mhuintir a shaoradh agus cáil mharthanach a ghnóthú do féin.
45 Rinne sé ruathar isteach i lár an fhalaing d'fhonn teacht uirthi; rinne sé ár ar dheis agus ar chlé agus scaip an namhaid thall agus abhus uaidh.
46 Isteach leis faoin eilifint agus rop a chlaíomh inti agus mharaigh í; ach thit sí sa mhullach air agus fuair sé bás ar an láthair.
47 Nuair a chonaic [na Giúdaigh] neart slua an rí agus fíoch ionsaithe a fhórsaí chúlaigh siad rompu.
48 Chuaigh saighdiúirí arm an rí suas ina n‑aghaidh go Iarúsailéim, agus chuir an rí léigear ar Iúdáia agus ar Shliabh Shíón.
49 Rinne sé síocháin le muintir Bhéit Zúr agus d'fhág siadsan an chathair mar nach raibh lón acu le léigear a sheasamh de bhrí gur bhliain shabóideach í ag an tír.
50 Ghabh an rí Béit Zúr agus chuir garastún ann le greim a choimeád air.
51 Chuir sé léigear ar an sanctóir ar feadh mórán laethanta, thóg ardáin dhiúractha, innill chaite tine agus cloch, agus scairpeanna le saigheada a chaitheamh, agus catafailt.
52 Rinne [na Giúdaigh] freisin inneall in aghaidh an innill agus lean siad leis an gcogaíocht ar feadh a lán laethanta.
53 Ach ní raibh aon stór bia acu, mar gurbh í an seachtú bliain í; agus iad siúd a fuair dídean in Iúdáia ó na págánaigh, bhí deireadh a soláthairtí caite acu.
54 Ní raibh ach beagán fear fágtha sa sanctóir mar go raibh an gorta ag luí go dian orthu agus gur imigh an chuid eile, gach duine chun a bhaile féin.
55 Ansin chuala Lisias go raibh Pilib, an té a cheap Aintíochas rí agus é fós ina bheatha, le hAintíochas a oiliúint don choróin,
56 tagtha ar ais ón bPeirs agus ón Méide leis na fórsaí a d'imigh leis an rí, agus go raibh sé ag iarraidh ceannas a fháil ar an rialtas.
57 Bheartaigh sé imeacht gan mhoill agus dúirt sé leis an rí agus le ceannairí an airm agus leis na saighdiúirí: “Táimid ag dul i laige ó lá go lá; táimid ar bheagán bia; tá an áit atá faoi ionsaí againn daingean agus tá cúraimí na ríochta ag brú orainn.
58 Sínimis deaslámh an chairdis chun na bhfear seo agus déanaimis síocháin leo féin agus lena gcine go léir.
59 Tugaimis cead dóibh a nósanna féin a chleachtadh mar a dhéanaidís cheana, mar is de bharr na ndlíthe leo a chuireamar ar ceal a tháinig fearg orthu agus a rinne siad na nithe seo go léir.”
60 Thaitin an chaint sin leis an rí agus lena cheannairí agus chuir sé tairiscint síochána chun [na nGiúdach] agus ghlac siad leis.
61 Thug an rí agus a cheannairí a mionn dá bhrí sin agus ar na coinníollacha sin d'fhág na [Giúdaigh] an dún.
62 Ach nuair a chuaigh an rí isteach i gCnoc Shíón agus go bhfaca sé a dhaingne a bhí an áit, bhris sé an mionn a thug sé agus d'ordaigh sé an balla mórthimpeall a leagan anuas.
63 Ansin d'imigh sé leis faoi dheabhadh agus d'fhill ar Aintíoch; fuair sé Pilib ansiúd i gceannas na cathrach; chuir Aintíochas cath air agus ghabh an chathair de ruathar.