1 Sna laethanta sin d'imigh Mataitias mac Eoin mac Shimeon, sagart de shliocht Ióairib ó Iarúsailéim, agus chuir faoi i Móidín.
2 Bhí cúigear mac aige - Eoin ar a dtugtaí Gaidí,
3 Síomón ar a dtugtaí Taisí,
4 Iúdás ar a dtugtaí Macabaech,
5 Eileázár ar a dtugtaí Avaran, Iónátán ar a dtugtaí Apfús.
6 Chonaic sé na diamhaslaí a bhí á ndéanamh in Iúdá agus in Iarúsailéim
7 agus dúirt: “Ochón! Cén fáth mé a theacht ar an saol le scrios mo mhuintire a fheiceáil agus scrios na cathrach naofa, agus le cónaí inti agus í á tabhairt i lámha naimhde, agus an sanctóir i lámha eachtrannach?
8 Rinne mar a bheadh fear gan chlú dá Teampall;
9 Tá a soithí glórmhara fuadaithe mar chreach;básaíodh a naíonáin ar a sráideanna,agus a hógánaigh de rinn chlaíomh a namhad.
10 Cén cine nach bhfuair roinn dá [ceannas],ná a gcion dá creach?
11 Sciobadh a maise go léir ar shiúl uaithi;rinne daoirse dá saoirse.
12 Féach! Bánaíodh ár n‑áit naofa, ár n‑áille, ár nglóir;thruailligh na págánaigh é.
13 Cad is fiú dúinn a bheith beo feasta?”
14 Stróic Mataitias agus a chlann mhac a gcuid éadaigh, chuir éadach róin orthu féin, agus chaoin go géar goirt.
15 Tháinig coimisinéirí an rí a bhí ag iarraidh séanadh an chreidimh a chur i bhfeidhm go cathair Mhóidín, le go ndéanfaidís íobairt.
16 Chruinnigh go leor de na hIosraelaigh ina dtimpeall agus bhí Mataitias agus a chlann mhac i láthair.
17 Ansin labhair coimisinéirí an rí le Mataitias mar leanas: “Tá meas ort mar cheannaire; is duine mór le rá sa chathair seo thú; tá do chlann mhac agus do dheartháireacha agat mar thaca.
18 Bí ar an gcéad duine le teacht chun tosaigh agus déanamh de réir ordú an rí, mar atá déanta ag na ciníocha go léir agus ag taoisigh Iúdá agus ag fuíoll an áir in Iarúsailéim. Ansin áireofar thú féin agus do chlann mhac i measc chairde an rí; agus mórfar thú féin agus do chlann mhac le hór agus le hairgead agus le go leor bronntanas.”
19 D'ardaigh Mataitias a ghlór agus d'fhreagair: “Fiú má ghéilleann gach náisiún atá faoi cheannas an rí dó agus má thréigeann gach ceann acu creideamh a shinsear d'fhonn géilleadh dá reachtanna,
20 leanfaidh mise agus mo chlann mhac agus mo dheartháireacha de chonradh ár sinsear.
21 Nár lige Dia go dtréigfimis an dlí agus a reachtanna.
22 Ní leanfaimidne ordú an rí; ní chlaonfaimidne ar dheis ná ar chlé ónár gcreideamh féin.”
23 Nuair a bhí deireadh ráite aige tháinig Giúdach chun tosaigh os comhair an tslua go léir le híobairt a ofráil ar an altóir i Móidín, de réir mar a d'ordaigh fógra an rí.
24 Nuair a chonaic Mataitias é sin bhuail díograis é. Tháinig corraí as cuimse air agus racht feirge fíréin. Theilg sé é féin ar an bhfear agus mharaigh é ar an altóir.
25 San am céanna mharaigh sé coimisinéir an rí a bhí a chur d'iallach orthu íobairt a dhéanamh, agus réab sé an altóir as a chéile.
26 Bhí an oiread sin dúthrachta chun an dlí ann go ndearna sé mar a rinne Píneachás in aghaidh Zimrí mac Shálú.
27 Ansin d'imigh Mataitias ar fud na cathrach agus é ag scairteadh in ard a chinn: “Gach duine atá dúthrachtach ar son an dlí agus a sheasann leis an gconradh, tagadh sé amach agus leanadh sé mé.”
28 Theith sé ansin lena chlann mhac chun na gcnoc agus d'fhág siad a raibh acu sa chathair ina ndiaidh.
29 A lán daoine ansin a raibh an fhíréantacht agus an chóir á dtóraíocht acu, chuaigh siad síos chun an fhásaigh agus d'fhanadar ansin,
30 iad féin, agus a gclann mhac, a mná céile, agus a n‑eallach mar go raibh an leatrom ag luí go trom orthu.
31 Tugadh scéala chun oifigigh an rí agus go dtí na fórsaí in Iarúsailéim, cathair Dháiví, go raibh dream a dhiúltaigh d'ordú an rí imithe síos i bhfolach in áiteanna san fhásach.
32 Chuaigh díorma láidir sa tóir orthu agus nuair a thángadar suas leo chuir siad cóiriú catha orthu féin ina gcoinne agus iad ar tí cath a chur orthu lá na sabóide.
33 Ansin dúirt siad leo: “Is leor sin! Tagaigí amach agus déanaigí rud ar an rí, agus mairfidh sibh.”
34 Ach dúirt siadsan: “Ní thiocfaimid amach, ná ní dhéanfaimid rud ar an rí, agus lá na sabóide a thruailliú ar an gcuma sin.”
35 Chuir [an dream eile] cath orthu ar an toirt,
36 ach níor fhreagair siad an cath, níor chaith siad cloch leo ná níor iaigh siad a n‑áiteanna folaithe.
37 Ní dúirt siad ach: “Faighimis go léir bás gan chiontacht; go raibh neamh agus talamh ina bhfinnéithe air go bhfuil sibh dár gcur chun báis go héagórach.”
38 D'ionsaíodar iad dá bhrí sin ar an tsabóid agus básaíodh iadsan, agus a mná céile agus a leanaí agus a n‑eallach, míle duine ar fad.
39 Nuair a chuala Mataitias agus a chairde ina thaobh, chaoin siad iad go géar.
40 Agus dúirt gach fear lena chomharsa: “Má dhéanaimid go léir mar a rinne ár mbráithre, agus gan troid leis na págánaigh ar son ár n‑anama agus ár reachtanna, is gearr an mhoill a bheidh orthu sinn a scriosadh de chlár na talún.”
41 Chinn siad mar leanas dá bhrí sin an lá sin: “Cibé duine a dhéanfaidh ionsaí orainn lá na sabóide, cuirfimis cath air, agus ná faighimis go léir bás dála ar mbráithre ina gcróite folaigh.”
42 D'aontaigh cuallacht Hasadaech leo, gaiscígh chróga le hIosrael, agus gach duine díobh á thabhairt féin dá dheoin don dlí.
43 Ghabh gach duine a theith ón ngéarleanúint leo chomh maith agus thug siad breis tacaíochta dóibh.
44 Chuir siad eagar airm orthu féin, leag siad peacaigh ar lár le teann feirge, agus coirpigh le reacht buile; theith ar tháinig slán chun na bpágánach ag lorg dídine.
45 Ghabh Mataitias agus a chairde timpeall agus scartáil siad na haltóirí,
46 agus aon bhuachaillí a fuair siad gan timpeallghearradh i gcríocha Iosrael, rinne siad iad a thimpeallghearradh dá n‑ainneoin.
47 Chuir siad tóir ar lucht an éirí in airde, agus bhí rith an rása lena gcúram.
48 D'fhuascail siad an dlí ó láimh na bpágánach agus na ríthe, agus níor fhág siad an buntáiste ag an gcoirpeach.
49 Nuair a bhí laethanta Mhataitias ag druidim le ceann cúrsa, dúirt sé lena chlann mhac: “Tá an t‑uabhar agus an aithis i réim; is uain íde agus fraoch feirge í.
50 Anois an t‑am agaibh, a chlann ó, le bheith dúthrachtach i leith an dlí, agus le bhur n‑anam a imirt ar mhaithe le conradh ár sinsear.
51 Cuimhnígí ar na héachtaí a rinne ár sinsir, gach duine díobh ina ghlúin féin,agus tuillfidh sibh barr onóra agus clú nach mbáfar.
52 Nach bhfuarthas Abrahám dílis nuair a rinneadh é a phromhadh,agus nár áiríodh mar fhíréantacht dó é?
53 Nuair a bhí Iósaef i gcruachás, chomhlíon sé an aithne,agus rinneadh tiarna na hÉigipte de.
54 Mar chúiteamh ar son a dhíograise agus a dhúthrachta,fuair Píneachás, ár n‑athair, sagartacht shíoraí.
55 Rinneadh breitheamh in Iosrael de Iósua,mar gur chomhlíon sé an aithne.
56 Fuair Cálaeb talamh mar oidhreachtmar gur thug sé fianaise i láthair an chomhthionóil.
57 Fuair Dáiví coróin na ríochta mar oidhreacht shíoraí,mar go raibh sé trócaireach.
58 Tógadh Éilias suas ar neamhmar go raibh sé ar lasadh le díograis don dlí.
59 Fuasclaíodh Hanainiá, Azairiá, agus Míséil ón tinemar gur chreid siad.
60 Saoradh Dainéil ó chlab na leonmar go raibh sé gan chastacht chroí.
61 Tugaigí faoi deara dá bhrí sin nach dteipfidhó ghlúin go glúin ar an muintir a chuireann a muinín ann.
62 Ná bíodh eagla oraibh roimh bhagairt an pheacaigh,mar déanfar aoileach agus cnuimh dá mhóiréis.
63 Beidh sé thuas inniu, ach amárach ní bheidh fáil air,óir d'fhill sé ar an luaithreach as ar tháinig sé,agus téann a bheartas amú.
64 A chlann ó, bíodh misneach agaibh,agus bígí tréan sa dlí,óir is tríd a bhainfidh sibh amach an ghlóir.
65 “Sin é agaibh bhur mbráthair Síomón, fear eagnaí comhairle mar is eol dom; éistigí leis i gcónaí; bíodh sé mar athair agaibh;
66 gaiscíoch tréan óna óige é Iúdás Macabaech, agus bíodh sé i gceannas ar an arm agaibh agus fearadh sé cogadh in aghaidh na bpágánach.
67 Bailígí chugaibh féin lucht comhlíonta an dlí go léir, agus déanaigí an éagóir ar bhur muintir a agairt.
68 Déanaigí éiric iomlán a thobhach ar na págánaigh, agus comhlíonaigí aithne an dlí.”
69 Bheannaigh sé iad ansin agus cruinníodh chun a shinsear é.
70 Fuair sé bás sa bhliain céad daichead a sé agus adhlacadh é i dtuama a shinsear i Móidín. Rinne Iosrael go léir é a chaoineadh go dubhach.