1 Macabaech 4 ABN

Cath Amáus

1 Thug Goirgias cúig mhíle troitheach agus míle marcach tofa leis agus chuir an díorma chun bealaigh san oíche,

2 le hintinn longfort na nGiúdach a ionsaí agus fogha a thabhairt fúthu gan choinne. Bhí fir ón Dúnfort mar threoraithe aige.

3 Ach fuair Iúdás gaoth an fhocail agus chuir sé chun bealaigh, é féin agus a laochra, le fogha a thabhairt faoi shluaite an rí in Amáus

4 fad a bheadh na fórsaí troda ar iarraidh ón longfort.

5 Chuaigh Goirgias isteach i gcampa Iúdáis san oíche agus ní bhfuair sé aon duine ann; d'imigh sé á lorg faoi na sléibhte “mar,” a dúirt sé, “tá siad ag teitheadh uainn!”

6 Le breacadh an lae, b'shiúd é Iúdás sa mhachaire agus trí mhíle fear leis, ach gan éidí catha ná claimhte acu mar ab áil leo.

7 Chonaic siad longfort na bpágánach, é láidir daingean, agus marcshlua timpeall air, agus iadsan oilte ar chogaíocht.

8 Ach dúirt Iúdás leis an dream a bhí in éineacht leis: “Ná cuireadh a líon eagla oraibh, agus ná baineadh a n‑ionsaí bhur misneach díbh!

9 Cuimhnígí conas mar a fuasclaíodh ár sinsir ag an Muir Rua nuair a bhí Forann sa tóir orthu lena shluaite.

10 Glaoimis chun Neimhe anois féachaint an áil leis sinn, agus an gcuimhneoidh sé ar a chonradh lenár sinsir agus an scriosfaidh sé an t‑arm seo atá inár n‑aghaidh inniu.

11 Ansin a bheidh a fhios ag na págánaigh go léir go bhfuil neach ann a shaorann agus a fhuasclaíonn Iosrael.”

12 D'fhéach na heachtrannaigh suas ansin agus chonaic siad iad ag teacht ina n‑aghaidh,

13 agus ghluais as an longfort amach chun catha. Shéid muintir Iúdáis an stoc

14 agus chuir cath orthu. Briseadh ar na págánaigh agus theith siad chun na n‑ísleán.

15 Thit a raibh ar deireadh go léir le faobhar claímh; lean siad sa tóir orthu chomh fada le Gazara agus ísleáin Idiúmáia, Azótas agus Iaimnía; thit timpeall trí mhíle den namhaid.

16 Ansin scoir Iúdás den tóir orthu agus d'fhill sé féin agus a fhórsaí ar ais,

17 agus dúirt sé lena mhuintir: “Ná santaígí an chreach, mar tá cath eile romhainn;

18 tá Goirgias agus a fhórsaí fós ar an sliabh in aice linn; seasaigí an fód in aghaidh bhur naimhde agus cuirigí cath orthu agus ansin tógaigí libh an chreach le flosc.”

19 Is ar éigean a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Iúdás nuair a chonacthas buíon naimhde de dhroim an tsléibhe.

20 Chonaic siadsan gur cuireadh an teitheadh ar [a n‑arm féin] agus go raibh an longfort á chur trí thine, mar d'inis an deatach a bhí le feiceáil cad a tharla.

21 Chuir an radharc sin scéin a gcroí orthu; agus nuair a chonaic siad chomh maith arm Iúdáis faoi chóiriú catha ar an machaire,

22 theith siad go léir go críocha na bhFilistíneach.

23 D'fhill Iúdás ar ais ansin chun an longfort a chreachadh. Thug siad leo a lán airgid agus óir, agus éadach de dhath gorm agus de chorcar na mara, agus mórchuid maoine.

24 Nuair a tháinig siad ar ais chan siad iomainn agus laoithe molta chun Neimhe, “mar is maith é agus maireann a thrócaire go brách”.

25 Bhí slánú mór ag Iosrael dá réir sin, an lá sin.

Céad Fheachtas Lisias

26 Cibé dream de na heachtrannaigh a tháinig slán chuaigh siad go Lisias le scéala faoinar tharla.

27 Chuir an tuairisc suaitheadh agus drochmhisneach air mar ní mar a bheartaigh sé a tharla d'Iosrael, ná ní mar a d'ordaigh an rí dó a bhí an toradh.

28 Ach an bhliain dár gcionn thionóil sé trí fichid míle troitheach den scoth, agus cúig mhíle marcach, le hiad a bhrú faoi chois.

29 Tháinig siad isteach in Idiúmáia agus shuigh siad a longfort i mBéit Zúr mar ar tháinig Iúdás ina n‑aghaidh le deich míle fear.

30 Nuair a chonaic sé an t‑arm tréan ghuigh sé agus dúirt: “Moladh leat, a shlánaitheoir Iosrael, tusa a bhasc neart an ghaiscígh ghroí trí láimh do ghiolla, Dáiví; agus a thug longfort na bhFilistíneach i lámha Iónátán mac Shóil agus fir iompartha a airm.

31 Basc an t‑arm seo chomh maith trí lámha do phobail Iosrael agus bíodh náire orthu faoina bhfórsaí agus faoina marcshlua.

32 Cuir líonrith orthu le meatacht, agus scaip a muinín ina neart féin; bris orthu agus bain dá gcosa iad.

33 Leag ar lár iad le claíomh na muintire a thugann grá duit; agus gach duine arb eol dó d'ainm, molfaidh sé thú le hiomainn.”

34 Thug an dá thaobh faoina chéile agus thit cúig mhíle fear d'fhórsaí Lisias i ngráscar lámh.

35 Nuair a chonaic Lisias a arm á chloí agus a mhisniúla a bhí arm Iúdáis agus iad chomh réidh sin do bhás nó do bheatha le honóir, d'imigh sé leis go hAintíoch agus liostáil sé amhais ansiúd le hionradh eile a dhéanamh ar Iúdáia le fórsaí breise arís.

Tíolacadh an Teampaill

36 Ansin dúirt Iúdás agus a dheartháireacha: “Tá buaite ar ár naimhde anois; téimis suas chun an sanctóir a ghlanadh agus a choisreacan.”

37 Chruinnigh siad an t‑arm ar fad, dá bhrí sin, agus chuaigh siad suas go Cnoc Shíón.

38 Chonaic siad an sanctóir ina fhásach, an altóir truaillithe, na geataí dóite, agus toir ag fás sna cúirteanna, mar a bheadh i ndoire nó ar cheann de na sléibhte, agus na stórais ina bhfothracha.

39 Stróic siad a gcuid éadaigh agus chaoin go holagónach agus chuir luaithreach ar a gceann.

40 Chaith siad iad féin ar an talamh béal fúthu, agus nuair a thug na stoic an comhartha lena stocaireacht, ghlaoigh siad in ard a gcinn chun Neimhe.

41 Cheap Iúdás buíon fear ansin le troid in aghaidh lucht an Dúnfoirt nó go raibh an sanctóir glanta aige.

42 Ansin thogh sé sagairt gan cháim le dúthracht don dlí,

43 agus ghlan siad an sanctóir agus chuir siad clocha na gráiniúlachta i leataobh in áit neamhghlan.

44 Chuaigh siad i gcomhairle faoi altóir an uileloiscthe a bhí truaillithe féachaint cad a dhéanfaidís léi.

45 Shíl siad gurbh é ab fhearr a dhéanamh ná í a leagan ar lár d'fhonn nach beadh sí go deo ina haithis orthu mar gur thruailligh na págánaigh í. Scartáil siad an altóir dá réir sin

46 agus chuir siad na clocha in áit chuí ar Chnoc an Teampaill nó go dtiocfadh fáidh a déarfadh cad a dhéanfaí leo.

47 Fuair siad clocha nár gearradh ansin mar a d'ordaigh an dlí agus thóg siad altóir nua ar aon dul leís an gceann roimpi.

48 D'atóg siad an sanctóir agus an Teampall laistigh agus choisric siad na cúirteanna.

49 Rinne siad soithí nua naofa agus thug an coinnleoir, altóir na túise agus an bord isteach sa Teampall.

50 Dhóigh siad túis ar an altóir ansin agus las na lóchrainn ar an gcoinnleoir agus thug siadsan solas laistigh den Teampall.

51 Leag siad na builíní ar an mbord, chroch siad na cruitíní, agus chomhlíon siad gach ar ghabh siad idir lámha ar an gcuma sin.

52 Ar an gcúigiú lá fichead den naoú mí, Cisléu is é sin, sa bhliain céad daichead a hocht,

53 d'éirigh siad le fáinne an lae agus d'ofráil siad íobairt, de réir an dlí, ar altóir nua na n‑íobairtí dóite a bhí tógtha acu.

54 Coisriceadh an altóir le canadh laoi agus le ceol na dtéad, na gcláirseach agus na gciombal i dtrátha an ama chéanna den bhliain agus i gcothrom an lae a ndearna na págánaigh í a thruailliú ar dtús.

55 Shléacht an pobal go léir go talamh ag adhradh agus ag ardmholadh Neimhe, an té a thug a leithéid de bhua dóibh.

56 Cheiliúir siad coisreacan na haltóra ar feadh ocht lá agus iad faoi lúcháir ag ofráil íobairtí dóite agus d'íobair siad íobairt fhuascailte agus bhuíochais.

57 Mhaisigh siad aghaidh an Teampaill le corónacha agus le cnapáin óir; chóirigh siad na geataí agus na stórais agus chuir doirse orthu.

58 Ní raibh teorainn le gairdeas an phobail agus scuabadh aithis na bpágánach chun siúil.

59 Rinne Iúdás, mar aon lena dheartháireacha agus le comhthionól iomlán Iosrael, dlí go ndéanfaí laethanta choisreacan na haltora a cheiliúradh le gliondar is gairdeas an tráth ceart de gach bliain ar feadh ocht lá ag tosú ar an gcúigiú lá fichead de mhí Chisléu.

60 Um an dtaca sin thóg siad ballaí arda le túir dhaingne timpeall Chnoc Shíón d'fhonn a chosc ar na págánaigh teacht agus é a shatailt faoi chois mar a rinne siad cheana.

61 Chuir [Iúdás] garastún ann chun an cnoc a chosaint agus dhaingnigh sé Béit Zúr d'fhonn go mbeadh daingean ag na daoine in aghaidh Idiúmáia.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16