1 Macabaech 13 ABN

Síomón i gCeannas

1 Chuala Síomón go raibh armáil mhór cruinnithe ag Trufón le hionradh a dhéanamh ar thír Iúdá agus é a scriosadh.

2 Ansin chonaic sé go raibh scéin agus eagla ar na daoine agus chuaigh sé suas go Iarúsailéim agus bhailigh an pobal le chéile.

3 Thug sé misneach dóibh agus dúirt: “Is maith atá a fhios agaibh féin na héachtaí a rinne mé féin agus mo bhráithre agus teaghlach m'athar ar son na ndlíthe agus an tsanctóra; agus na cogaí agus na cruatain ar ghabhamar tríothu.

4 Sé toradh a bhí air sin go léir ná go bhfuil bás faighte ag mo dheartháireacha go léir ar son Iosrael agus níl fágtha ach mise amháin.

5 I bhfad uaimse a bheith ag coigilt mo bheatha in am an ghátair! mar ní fearr mé ná mo bhráithre.

6 Ach déanfaidh mé díoltas a bhaint amach ar son mo chine, mo shanctóra agus ar son bhur mban agus bhur leanaí, mar tá na náisiúin go léir cruinnithe le chéile le barr fuatha d'fhonn sinn a scriosadh.”

7 Mhúscail misneach na ndaoine nuair a chuala siad na focail sin,

8 agus d'fhreagair siad in ard a ngutha: “Is tú ar gceannasaí in áit Iúdáis agus Iónátán do dheartháir.

9 Troid ár gcathanna dúinn agus déanfaimid mar a deir tú linn.”

10 Chuir sé tionól ar na laochra gaile go léir agus bhrostaigh le tógáil ballaí Iarúsailéim agus dhaingnigh sé é ar gach taobh.

11 Chuir sé Iónátán mac Aibseálóm go Iopa agus fórsa tréan leis; thiomáin seisean amach a áithritheoirí agus chuir faoi ann.

12 Ansin chuir Trufón chun bealaigh ó Ptolamais le harm mór le hionradh a dhéanamh ar Iúdá agus thug Iónátán leis faoi gharda.

13 Shuigh Síomón a longfort in Aidideá os comhair an mhachaire.

14 Fuair Trufón amach gur éirigh Síomón in áit a dhearthár Iónátán agus go raibh sé le dul i ngleic leis ar pháirc an chatha agus chuir sé toscairí chuige a rá:

15 “Is de bharr na bhfiacha airgid a bhí ag an gciste ríoga air toisc na bpost a bhí aige atáimid ag coimeád Iónátán do dheartháir i ngéibhinn.

16 Cuir anois céad tallann airgid agus beirt mhac leis mar ghialla i dtreo nuair a scaoilfear saor é nach ndéanfaidh sé ceannairc inár n‑aghaidh agus scaoilfimid saor é.”

17 Thuig Síomón go raibh cealg ina gcaint, ach chuir sé fios ar an airgead agus ar na mic le heagla go músclódh sé naimhdeas mór i measc an phobail

18 a déarfadh gur de bhrí nár chuir Síomón an t‑airgead agus na mic chuige a fuair sé bás.

19 Chuir sé na mic agus an céad tallann dá bhrí sin, ach níor sheas [Trufón] lena bhriathar agus níor scaoil sé Iónátán saor.

20 Ina dhiaidh sin tháinig Trufón le hionradh a dhéanamh ar an tír agus lena scriosadh, agus ghabh sé an timpeall ar feadh bealach Adóra, ach bhíodh Síomón agus a arm roimhe cibé treo baill ina dtéadh sé.

21 Bhíodh muintir an Dúnfoirt ag cur toscairí go Trufón á áiteamh air teacht chucu tríd an bhfásach agus bia a chur chucu.

22 D'ullmhaigh Trufón a mharcshlua go léir le dul, ach an oíche úd thit sneachta trom agus ní dheachaigh sé de bharr an tsneachta. Ghluais sé leis dá bhrí sin agus chuaigh go tír Ghileád.

23 Nuair a dhruid sé le Bascama, mharaigh sé Iónátán agus cuireadh ansiúd é.

24 Ansin chas Trufón ar a sháil agus d'fhill ar a thír féin.

Iónátán á Adhlacadh faoi Onóir

25 Sheol Síomón díorma uaidh agus fuair ar ais cnámha Iónátán a dheartháir agus rinne sé é a adhlacadh i Móidín, cathair a shinsear.

26 Rinne Iosrael go léir é a chaoineadh go dubhach agus mhair an t‑olagán mórán laethanta.

27 Thóg Síomón leacht ar thuama a athar agus a bhráithre; thóg sé go hard é le go mbeadh radharc air agus ba de chloch líofa é chun tosaigh agus ar gcúl.

28 Thóg sé chomh maith seacht bpirimid, ar aghaidh a chéile, dá athair agus dá mháthair agus dá cheathrar deartháireacha.

29 Thóg sé iad ar bhonn dealraitheach agus thóg colúin mhóra ina dtimpeall; agus ghrean sé cultacha gaisce ar na colúin mar chuimhneachán síoraí; agus taobh leis na cultacha gaisce ghrean sé longa a d'fhéadfaí a fheiceáil ag cách a sheolfadh ar farraige.

30 Sin é an cuimhneachán a thóg sé i Móidín agus tá sé ann go dtí an lá inniu.

31 Chaith Trufón go fealltach leis an rí óg Aintíochas. Mharaigh sé é

32 agus rinne sé rí de féin ina áit agus chuir coróin na hÁise air féin agus thug tubaiste mhór ar an tír.

33 Thóg Síomón daingin Iúdáia agus chuir balla timpeall orthu, le túir arda, ballaí móra, geataí agus boltaí, agus chuir sé bia i dtaisce sna daingin.

34 Thogh Síomón fir chomh maith agus chuir iad go Déimitrias rí le hiarratas fóirithint ar an tír mar nach raibh déanta ag Trufón ach creachadh.

35 Chuir Déimitrias rí scéala dá réir chuige, thug freagra air agus scríobh litir mar leanas chuige:

36 Déimitrias rí go Síomón, ardsagart agus cara na ríthe, agus go seanóirí chine na nGiúdach, beatha agus sláinte!

37 Ghlacamar an choróin óir agus an ghéag phailme a chuir sibh chugainn agus táimid réidh le síocháin choiteann a dhéanamh libh agus scríobh chun ár n‑oifigeach le sibh a fhuascailt ó cháin.

38 Gach cinneadh a rinneamar in bhur leith, tá siad bailí; na daingin a thóg sibh, fanaidís in bhur seilbh.

39 Maithimid na dearmaid agus na cionta a rinneadh go dtí an lá inniu, agus na fiacha corónach atá oraibh; agus má tá aon cháin eile á tobhach in Iarúsailéim, ná déantar í a thobhach a thuilleadh.

40 Má tá aon duine agaibh oiriúnach le liostáil ar ár lucht cosanta, liostáiltear iad, agus bíodh síocháin eadrainn.

41 Ba sa bhliain céad agus a seachtó a bogadh cuing na ngintlithe d'Iosrael,

42 agus thosaigh na daoine ar a gcáipéisí agus a litreacha a bheachtú leis na focail: “Sa chéad bhliain faoi Shíomón ardsagart mór, ceannaire, agus taoiseach na nGiúdach.”

Gabhtar Gazara agus an Dúnfort

43 Um an dtaca sin chuir Síomón léigear ar Ghazara agus thimpeallaigh é lena fhórsaí. Thóg sé túr deafa agus tharraing suas taobh leis an gcathair é agus bhataráil daingean agus ghabh é.

44 Phreab na fir sa túr deafa isteach sa chathair agus bhí círéib mhór inti.

45 Chuaigh lucht na cathrach, lena mná agus lena leanaí, in airde ar an mballa agus a n‑éidí stróicthe acu, agus ghlaodar in ard a gcinn á impí ar Shíomón síocháin a dhéanamh leo.

46 Dúirt siad: “Ná caith linn de réir ár gcoireanna, ach de réir do thrócaire féin.”

47 Rinne Síomón réiteach leo dá bhrí sin agus stad sé de bheith ag troid ina n‑aghaidh. Ach dhíbir sé as an gcathair iad agus ghlan sé na tithe ina raibh na híola agus ghabh isteach le hiomainn agus cainticí molta.

48 Dhíbir sé gach neamhghlaine aisti agus lonnaigh inti dream a chomhlíonfadh an dlí. Dhaingnigh sé í agus thóg sé teach dó féin inti.

49 Bhí cosc ar lucht an Dúnfoirt in Iarúsailéim caidreamh a bheith acu ar an tuath le díol agus ceannach a dhéanamh. Bhí an-ghanntanas bia orthu agus fuair a lán acu bás den ghorta.

50 D'impigh siad ansin ar Shíomón síocháin a dhéanamh leo, rud a rinne, ach gur dhíbir sé iad agus gur ghlan sé an Dúnfort óna thruaillitheachtaí.

51 Ar an tríú lá fichead den dara mí, sa bhliain céad seachtó a haon, ghabh [na Giúdaigh] isteach ann le gártha molta agus géaga pailme [á gcroitheadh], le ceol cláirseach agus cruiteanna, ag gabháil iomann agus cainticí, mar go raibh namhaid mór basctha agus caite amach as Iosrael.

52 Chinn Síomón go ndéanfaí an lá úd a cheiliúradh mar lá lúchaire gach bliain. Dhaingnigh sé cóir chosanta Chnoc an Teampaill taobh leis an Dúnfort agus chuir sé féin agus a lucht leanúna faoi ann.

53 Nuair a chonaic Síomón go raibh a mhac Eoin ina fhear, cheap sé ina cheann feadhna ar na fórsaí go léir é; bhí cónaí air i nGazara.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16