1 Sa bhliain céad caoga a haon, d'fhág Déimitrias mac Sheiliúcas an Róimh agus le beagán fear shroich sé cathair ar imeall na mara agus chrom ar rialú ansiúd.
2 Nuair a bhí sé ag gabháil isteach i sealúchas ríoga a shinsear, ghabh an t‑arm Aintíochas agus Lisias d'fhonn iad a thabhairt ina láthair.
3 Nuair a chuala sé cad a bhí déanta dúirt sé: “Coinnígí as mo radharc iad!”
4 Mharaigh an t‑arm iad dá bhrí sin agus shuigh Déimitrias i ríchathaoir a ríochta.
5 Ansin tháinig na coirpigh agus na haindiagaigh go léir ó Iosrael chuige; i gceannas orthu bhí Alcamas fear ar mhian leis a bheith ina ardsagart.
6 Rinne siad an gearán seo leis an rí mar gheall ar an bpobal: “Mharaigh Iúdás agus a dheartháireacha do chairde go léir, agus dhíbir siad sinne as ár dtailte.
7 Cuir fear chucu dá bhrí sin a bhfuil muinín agat as; téadh sé agus feiceadh sé an tubaiste go léir a thug [Iúdás] orainne agus ar chríocha an rí; agus déanadh sé díoltas orthusan agus ar a lucht cúnta go léir.”
8 Thogh an rí Bacaídéas, duine de chairde an rí, a bhí i gceannas ar an gcúige thar an Abhainn, fear mór le rá sa ríocht a bhí dílis don rí.
9 Chuir sé eisean agus Alcamas na haindiagachta, a bhí ceaptha ina ardsagart aige, agus d'ordaigh dó díoltas a imirt ar chlann Iosrael.
10 D'imigh siad leo dá bhrí sin agus tháinig siad le fórsa tréan go tír Iúdá. Agus chuir siad teachtairí go Iúdás agus a dheartháireacha le tairiscintí fealltacha síochána.
11 Ach níor thug siadsan aon aird ar a gcuid cainte mar go rabhadar tagtha le fórsa láidir.
12 Chuaigh gasra scríobhaithe, ámh, faoi dhéin Alcamas agus Bhacaídéas ag lorg coinníollacha córa síochána.
13 Ba iad na Hasadaeigh ba thúisce ar na hIosraelaigh a d'iarr coinníollacha síochána.
14 Óir dúirt siad: “Tá sagart de shliocht Árón tagtha leis na fórsaí, agus ní dhéanfaidh seisean éagóir orainn.”
15 Rinne sé coinníollacha síochána a phlé leo ceart go leor agus thug sé mionn á rá: “Ní dhéanfaimid aon iarracht ar dhíobháil a dhéanamh daoibhse ná do bhur gcairde.”
16 Chreid siad é, ach ghabh sé trí fichid díobh agus chuir chun báis iad san aon lá amháin, ag comhlíonadh an bhriathair a scríobhadh:
17 “Scaip siad feoil do chuid naomh agus dhoirt siad a gcuid fola ar fud Iarúsailéim, agus gan aon duine acu lena n‑adhlacadh.”
18 Tháinig scéin agus eagla ansin ar an bpobal go léir rompu. “Níl focal fírinne acu ná ceart ar bith ag roinnt leo,” ar siad, “bhris siad a gconradh agus an mionn a thug siad.”
19 D'fhág Bacaídéas Iarúsailéim ansin agus shuigh sé a longfort i mBéit Zaet. Ansin chuir sé tóir ar a lán den mhuintir a thréig é agus ghabh iadsan agus cuid den phobal, agus mharaigh iad agus chaith isteach sa pholl mór iad.
20 Ansin chuir sé Alcamas i gceannas ar an gcúige agus d'fhág sé an t‑arm mar theannta aige. D'fhill Bacaídéas féin ar ais ar an rí.
21 Lean Alcamas lena iarracht go ndéanfaí ardsagart de féin.
22 Agus na daoine go léir a bhí ag cur as dá muintir, chruinnigh siad chuige, agus gabh siad seilbh ar thír Iúdá agus rinne siad dochar mór in Iosrael.
23 Chonaic Iúdás an díobháil go léir a rinne Alcamas agus a lucht leanúna i measc chlann Iosrael, thar mar a rinne na págánaigh féin.
24 Ghabh [Iúdás] amach dá bhrí sin ar fud críocha Iúdáia go léir máguaird agus d'imir sé díoltas ar an muintir go léir a thréig é agus coisceadh orthu gabháil [ón gcathair] amach faoin tuath.
25 Nuair a chonaic Alcamas conas mar a bhí slua Iúdáis dulta i neart, thuig sé nach bhféadfadh sé an fód a sheasamh ina gcoinne, d'fhill sé ar ais ar an rí agus chuir sé coireanna ina leith.
26 Ansin chuir an rí uaidh Niocánór, duine dá cheannasaithe ainmniúla, a raibh an ghráin dearg aige ar Iosrael, agus d'ordaigh sé dó an pobal a scriosadh.
27 Tháinig Niocánór go Iarúsailéim le fórsa tréan agus le barr fill chuir sé teachtaireacht síochána go Iúdás agus go dtí a dheartháireacha á rá:
28 “Ná bíodh aon chogaíocht idir mise agus tusa; tiocfaidh mise le beagán slua, le go bhféachfaimis san aghaidh ar a chéile go cairdiúil.”
29 Agus tháinig sé go Iúdás, agus bheannaíodar dá chéile go síochánta, ach go raibh an namhaid ullamh le Iúdás a ghabháil.
30 Tuigeadh do Iúdás gur le feall ar intinn aige a tháinig sé chuige; tháinig eagla air agus dhiúltaigh sé bualadh leis arís.
31 Nuair a fuair Niocánór amach go raibh a rún faighte amach, chuir sé cath ar Iúdás ag Cafarsalama.
32 Thit timpeall cúig céad fear d'arm Niocánór agus theith [an chuid eile] go cathair Dháiví.
33 Tar éis na n‑imeachtaí sin ghabh Niocánór suas go Sliabh Shíón. Tháinig cuid de na sagairt amach as an sanctóir agus cuid de na seanóirí ina dteannta, le beannú dó go cairdiúil agus leis an íobairt uileloiscthe a bhí á hofráil don rí a thaispeáint dó.
34 Ach rinne sé fonóid agus magadh fúthu, thruailligh iad agus labhair go dásachtach leo;
35 agus thug sé an mionn seo le barr feirge: “Mura ndéantar Iúdás agus a arm a thabhairt ar láimh dom an uair seo, ansin má fhillim slán cuirfidh mé an teach seo trí thine.” Agus d'imigh sé leis agus fraoch feirge air.
36 Chuaigh na sagairt isteach ansin agus sheasadar os comhair na haltóra agus an Teampaill agus na deora leo agus dúirt siad:
37 “Rinne tú an teach seo a thoghadh le d'ainm a thabhairt air le bheith mar theach urnaí agus impí ag do phobal.
38 Imir díoltas ar an bhfear seo agus ar a arm, agus titidís le faobhar claímh; cuimhnigh ar a ndiamhaslaí agus ná tabhair suaimhneas dóibh.”
39 Ghabh Niocánór amach ó Iarúsailéim agus shuigh sé a longfort i mBéit Horón agus d'aontaigh arm na Síre leis ansiúd.
40 Shuigh Iúdás a longfort in Adasa le trí mhíle fear. Ansin chuir Iúdás guí suas agus dúirt:
41 “Nuair a rinne teachtairí rí [na hAsaíre] diamhasla, threascair d'aingeal cúig mhíle agus ceithre fichid díobh.
42 Déan an t‑arm seo a scriosadh os ár gcomhair inniu; bíodh a fhios ag an gcuid eile gur chaith sé siúd masla le do shanctóir agus tabhair breith air de réir na coirpeachta seo.”
43 Chuir na fórsaí cath ar a chéile, dá bhrí sin, ar an tríú lá déag de mhí Adár. Briseadh ar arm Niocánór agus ba é féin ba thúisce a thit sa chath.
44 Nuair a chonaic a shluaite Niocánór ar lár, chaith siad uathu a gcuid airm agus theith siad.
45 Chuir [na Giúdaigh] aistear lae de thóir orthu, ó Adasa go Gazara, agus fad bhíodar sa tóir orthu, lean siad orthu ag cur a ngáir chatha suas le séideadh na stoc.
46 Tháinig [fir] amach as bailte Iúdáia go léir máguaird, agus sháraigh siad [an namhaid] agus thiomáin siad siar ar an tóir iad i dtreo gur thiteadar go léir le faobhar claímh agus nár fágadh fear inste scéil.
47 Ansin ghabh [na Giúdaigh] an chreach agus an éadáil; theasc siad an ceann de Niocánór, agus an deaslámh a shín sé amach go dásachtach; thóg siad iadsan leo agus chuir siad ar taispeáint iad lámh le Iarúsailéim.
48 Bhí áthas an domhain ar an bpobal agus cheiliúradar an lá sin mar lá mór lúcháire.
49 Chinneadar go ndéanfaí an lá sin a chomóradh ar an tríú lá déag de Adár gach bliain,
50 agus bhí tír Iúdá faoi shíocháin ar feadh tamaill bhig.