15 Chuala Alastar an scéala agus tháinig sé ina choinne i gcath. Ghluais Ptoilimí amach ina choinne, chuaigh i ngleic leis le fórsa tréan agus chuir an teitheadh air.
16 Theith Alastar chun na hAráibe le dídean a fháil ann agus cheiliúir Ptoilimí a bhua.
17 Bhain Zaibdiéil, an tArabach, a cheann d'Alastar agus chuir é go Ptoilimí.
18 Ach fuair Ptoilimí bás trí lá ina dhiaidh sin agus mharaigh na háitritheoirí a shaighdiúirí ina ngarastúin.
19 Rinneadh rí dá réir sin de Dhéimitrias sa bhliain céad seasca a seacht.
20 San am céanna thionóil Iónátán fir Iúdáia le hionsaí a dhéanamh ar an Dúnfort in Iarúsailéim agus d'fheistigh sé a lán inneall cogaidh le húsáid ina choinne.
21 Ach coirpigh áirithe a raibh fuath acu dár gcine, chuaigh siad go dtí an rí agus d'inis siad dó go raibh léigear á chur ag Iónátán ar an Dúnfort.