22 Nuair a chuala sé é sin, tháinig fearg air; a luaithe a fuair sé gaoth an fhocail chuir sé chun bealaigh agus tháinig go Ptolamais. Scríobh sé go Iónátán á rá leis scor den léigear, agus teacht agus bualadh leis i gcomhdháil i Ptolamais chomh tapa agus ab fhéidir dó.
23 Nuair a chuala Iónátán é sin, d'ordaigh sé leanúint den léigear; thogh sé cuid de sheanóirí Iosrael agus cuid de na sagairt; chuir sé é féin i bhfiontar,
24 mar chuaigh sé go dtí an rí i Ptolamais, agus airgead agus ór agus éidí agus a lán tabhartas eile aige, agus ghnóthaigh sé a fhabhar.
25 Bhí coirpigh áirithe dá chine féin ag déanamh gearáin ina aghaidh,
26 ach chaith an rí leis mar a rinne na ríthe a ghabh roimhe agus mhóraigh é i bhfianaise a chairde go léir.
27 Dhaingnigh sé é san ardsagartacht agus sna honóracha a bhí aige roimhe sin agus rinne sé é a áireamh ar a phríomhchairde.
28 Ansin d'iarr Iónátán ar an rí Iúdáia agus trí dhúiche na Samáire a shaoradh ó cháin, agus gheall dó trí chéad tallann.