24 mar chuaigh sé go dtí an rí i Ptolamais, agus airgead agus ór agus éidí agus a lán tabhartas eile aige, agus ghnóthaigh sé a fhabhar.
25 Bhí coirpigh áirithe dá chine féin ag déanamh gearáin ina aghaidh,
26 ach chaith an rí leis mar a rinne na ríthe a ghabh roimhe agus mhóraigh é i bhfianaise a chairde go léir.
27 Dhaingnigh sé é san ardsagartacht agus sna honóracha a bhí aige roimhe sin agus rinne sé é a áireamh ar a phríomhchairde.
28 Ansin d'iarr Iónátán ar an rí Iúdáia agus trí dhúiche na Samáire a shaoradh ó cháin, agus gheall dó trí chéad tallann.
29 D'aontaigh an rí leis sin agus scríobh litir go Iónátán i dtaobh na nithe sin go léir: mar seo a ghabh sí:
30 Déimitrias rí go Iónátán a dheartháir, agus go cine na nGiúdach, beatha agus sláinte!