27 Dhaingnigh sé é san ardsagartacht agus sna honóracha a bhí aige roimhe sin agus rinne sé é a áireamh ar a phríomhchairde.
28 Ansin d'iarr Iónátán ar an rí Iúdáia agus trí dhúiche na Samáire a shaoradh ó cháin, agus gheall dó trí chéad tallann.
29 D'aontaigh an rí leis sin agus scríobh litir go Iónátán i dtaobh na nithe sin go léir: mar seo a ghabh sí:
30 Déimitrias rí go Iónátán a dheartháir, agus go cine na nGiúdach, beatha agus sláinte!
31 Scríobhamar go Lastanaes ár ngaol mar gheall oraibh agus anois tá cóip den litir sin scríofa againn chugatsa i dtreo go mbeadh a fhios agat cad deir sí.
32 “Déimitrias rí go Lastanaes a athair, beatha agus sláinte!
33 Cairde dúinn is ea náisiún na nGiúdach agus comhlíonann siad a ndualgais inár leith, agus tá sé beartaithe againn an mhaith a dhéanamh dóibh de bharr a ndea-thola dúinn.