32 “Déimitrias rí go Lastanaes a athair, beatha agus sláinte!
33 Cairde dúinn is ea náisiún na nGiúdach agus comhlíonann siad a ndualgais inár leith, agus tá sé beartaithe againn an mhaith a dhéanamh dóibh de bharr a ndea-thola dúinn.
34 Dhaingníomar ina seilbh críocha Iúdáia agus na trí dúichí, Afairéama, Luda agus Rataimin; cuireadh na dúichí seo agus na réigiúin a bhaineann leo le Iúdáia ón tSamáir ar mhaithe le cách a dhéanann íobairt in Iarúsailéim, in áit na ndleacht ríoga a d'fhaigheadh an rí uathu roimhe seo gach bliain de thorthaí na talún agus de thorthaí na gcrann.
35 Maidir leis na dleachta is dual dúinn ó na deachúna, ó na cánacha atá ag dul dúinn ó na bogaigh shalainn agus ó na dleachta corónach atá ag dul dúinn - fuasclaímid iad uathu sin go léir ó inniu amach.
36 Ní chuirfear oiread agus ceann de na deontais seo go léir ar ceal ó inniu go brách.
37 Féachaigí chuige go ndéantar cóip de seo agus tugtar í do Iónátán agus cuireadh sé in áit fheicseanach ar an Sliabh Naofa í.”
38 Nuair a chonaic Déimitrias an rí go raibh an tír ciúin faoina réim, gan aon duine ag cur ina choinne, scaoil sé uaidh a shaighdiúirí go léir, gach duine chun a bhaile féin, ach amháin na fórsaí eachtrannacha a bhí fostaithe aige ó oileáin na gciníocha. Bhí an ghráin air dá bhrí sin ag na saighdiúirí go léir a rinne seirbhís dá shinsir.