1 Macabaech 11:33-39 ABN

33 Cairde dúinn is ea náisiún na nGiúdach agus comhlíonann siad a ndualgais inár leith, agus tá sé beartaithe againn an mhaith a dhéanamh dóibh de bharr a ndea-thola dúinn.

34 Dhaingníomar ina seilbh críocha Iúdáia agus na trí dúichí, Afairéama, Luda agus Rataimin; cuireadh na dúichí seo agus na réigiúin a bhaineann leo le Iúdáia ón tSamáir ar mhaithe le cách a dhéanann íobairt in Iarúsailéim, in áit na ndleacht ríoga a d'fhaigheadh an rí uathu roimhe seo gach bliain de thorthaí na talún agus de thorthaí na gcrann.

35 Maidir leis na dleachta is dual dúinn ó na deachúna, ó na cánacha atá ag dul dúinn ó na bogaigh shalainn agus ó na dleachta corónach atá ag dul dúinn - fuasclaímid iad uathu sin go léir ó inniu amach.

36 Ní chuirfear oiread agus ceann de na deontais seo go léir ar ceal ó inniu go brách.

37 Féachaigí chuige go ndéantar cóip de seo agus tugtar í do Iónátán agus cuireadh sé in áit fheicseanach ar an Sliabh Naofa í.”

38 Nuair a chonaic Déimitrias an rí go raibh an tír ciúin faoina réim, gan aon duine ag cur ina choinne, scaoil sé uaidh a shaighdiúirí go léir, gach duine chun a bhaile féin, ach amháin na fórsaí eachtrannacha a bhí fostaithe aige ó oileáin na gciníocha. Bhí an ghráin air dá bhrí sin ag na saighdiúirí go léir a rinne seirbhís dá shinsir.

39 Duine de lucht tacaíochta Dhéimitrias roimhe seo ab ea Trufón, agus chonaic sé go raibh na saighdiúirí go léir ag monabhar in aghaidh Dhéimitrias. D'imigh sé leis dá bhrí sin go dtí Imealcú an tArabach a bhí ag oiliúint Aintíochas mac óg Alastair,