36 Ní chuirfear oiread agus ceann de na deontais seo go léir ar ceal ó inniu go brách.
37 Féachaigí chuige go ndéantar cóip de seo agus tugtar í do Iónátán agus cuireadh sé in áit fheicseanach ar an Sliabh Naofa í.”
38 Nuair a chonaic Déimitrias an rí go raibh an tír ciúin faoina réim, gan aon duine ag cur ina choinne, scaoil sé uaidh a shaighdiúirí go léir, gach duine chun a bhaile féin, ach amháin na fórsaí eachtrannacha a bhí fostaithe aige ó oileáin na gciníocha. Bhí an ghráin air dá bhrí sin ag na saighdiúirí go léir a rinne seirbhís dá shinsir.
39 Duine de lucht tacaíochta Dhéimitrias roimhe seo ab ea Trufón, agus chonaic sé go raibh na saighdiúirí go léir ag monabhar in aghaidh Dhéimitrias. D'imigh sé leis dá bhrí sin go dtí Imealcú an tArabach a bhí ag oiliúint Aintíochas mac óg Alastair,
40 agus d'impigh sé go crua air é a thabhairt dó, le bheith ina rí in áit a athar. D'inis sé dó freisin faoi cad a bheartaigh Déimitrias agus faoin ngráin a bhí ag a shluaite air; agus d'fhan sé tamall fada ansiúd.
41 Chuir Iónátán achainí go Déimitrias rí go dtógfadh sé ar shiúl na fórsaí i nDúnfort Iarúsailéim, agus sna daingin, mar go rabhadar ag troid gan staonadh le hIosrael.
42 Chuir Déimitrias scéala ar ais go Iónátán: “Ní hé amháin go ndéanfaidh mé an méid seo duitse agus do do chine, ach tabharfaidh mé barr onóra duitse agus do do chine má fhaighim caoi chuige.