4 Nuair a tháinig sé i gcóngar Azótas, thaispeáin siad creatlach dóite theampall Dhágón dó, agus Azótas agus a bhruachbhailte scriosta, corpáin scaipthe thall agus abhus, agus conablaigh loiscthe na ndaoine a dhóigh Iónátán sa chath agus iad ina gcairn acu ar feadh a bhealaigh.