43 D'oirfeadh sé go maith anois dá bhrí sin dá seolfá saighdiúirí chugam a chabhródh liom mar thréig mo fhórsaí go léir mé.”
44 Chuir Iónátán trí mhíle saighdiúir cróga dá bhrí sin chuige go hAintíoch, agus thángadar chun an rí agus chuir siad áthas ar an rí lena dteacht.
45 Bhrúcht lucht na cathrach ansin le chéile isteach i lár na cathrach, suas le céad agus a fiche míle díobh, agus theastaigh uathu an rí a mharú.
46 Ach theith an rí isteach ina phálás agus ghabh lucht na cathrach príomhshráideanna na cathrach agus chromadar ar ionsaí.
47 Ghlaoigh an rí ar na Giúdaigh teacht i gcabhair air agus bhailíodar go léir ina thimpeall agus ansin scaipeadar ar fud na cathrach; agus an lá úd mharaíodar suas le céad míle duine.
48 Chuir siad an chathair trí thine, ghabh a lán creiche an lá úd agus d'fhuascail siad an rí.
49 Nuair a chonaic lucht na cathrach go raibh smacht faighte ag na Giúdaigh ar an gcathair agus cead a gcinn acu, theip ar a misneach agus chuir siad achainí in ard a ngutha chun an rí.