47 Ghlaoigh an rí ar na Giúdaigh teacht i gcabhair air agus bhailíodar go léir ina thimpeall agus ansin scaipeadar ar fud na cathrach; agus an lá úd mharaíodar suas le céad míle duine.
48 Chuir siad an chathair trí thine, ghabh a lán creiche an lá úd agus d'fhuascail siad an rí.
49 Nuair a chonaic lucht na cathrach go raibh smacht faighte ag na Giúdaigh ar an gcathair agus cead a gcinn acu, theip ar a misneach agus chuir siad achainí in ard a ngutha chun an rí.
50 “Tabhair síocháin dúinne agus stadadh na Giúdaigh de bheith ag troid inár n‑aghaidh agus in aghaidh ár gcathrach.”
51 Ansin chaitheadar uathu a gcuid arm agus rinneadar síocháin. Móradh na Giúdaigh i bhfianaise an rí agus mhuintir a ríochta go léir, agus d'fhill siad ar Iarúsailéim lena lán éadála.
52 Lean an rí Déimitrias air i ríchathaoir a ríochta agus bhí an tír ciúin faoina riail.
53 Ach bhris sé a fhocal maidir le gach ní dár gheall sé; tharla easaontas idir é féin agus Iónátán; níor chúitigh sé le Iónátán na comaoineacha a chuir sé air, ach chiap sé é go mór.