54 D'fhill Trufón ina dhiaidh sin agus an buachaill óg Aintíochas in éineacht leis; chrom seisean ar rialú agus chuir sé an choróin ar a cheann.
55 Na fórsaí go léir a thiomáin Déimitrias uaidh, chruinníodar ina thimpeall agus throid siad in aghaidh Dhéimitrias agus theith seisean agus briseadh air.
56 Ghabh Trufón na heilifintí agus fuair ceannas ar Aintíoch,
57 agus scríobh Aintíochas óg go Iónátán á rá: “Daingním thú i do ardsagart agus ceapaim thú i gceannas na gceithre cúigí agus déanaim duine de chairde an rí díot.”
58 Agus chuir sé chuige gréithe boird óir agus thug cead dó ól as coirn óir agus éide chorcra a chaitheamh agus dealg óir.
59 Cheap sé a dheartháir Síomón ina ghobharnóir ó Dhréimire na Tuíre go teorainneacha na hÉigipte.
60 Chuir Iónátán chun bealaigh ansin agus thaistil an dúiche thar an Abhainn agus a cathracha agus tháinig fórsaí uile na Síre chuige mar chomhghuaillithe. Tháinig sé go hAscalón ansin agus chuir muintir na cathrach go léir fáilte roimhe le barr onóra.