64 Chuaigh sé ina gcoinne ach d'fhág sé a dheartháir Síomón faoin tuath.
65 Chuir Síomón léigear ar Bhéit Zúr agus throid ina aghaidh ar feadh mórán laethanta; bhí sé ag luí go crua ar [na háitritheoirí]
66 go dtí gur lorgadar coinníollacha síochána, rud a thug sé dóibh; ach díbir sé as sin iad, fuair seilbh ar an gcathair agus chuir garastún inti.
67 Shuigh Iónátán agus a fhórsaí a gcampa ag Loch Gheanasarat. Go luath ar maidin mháirseáladar leo go machaire Hazór.
68 Agus, féach, tháinig airm na n‑eachtrannach ina choinne ar an machaire agus buíon curtha acu i luíochán air sna sléibhte; thugadar féin aghaidh air ansiúd.
69 D'éirigh na fir sa luíochán óna láithreacha agus isteach leo sa chath.
70 Theith na fir a bhí le Iónátán chun siúil agus níor fágadh díobh ach Mataitias mac Aibseálóm agus Iúdás mac Chalfaí, cinn feadhna an airm.