7 Rinne Iónátán an rí a thionlacan chomh fada leis an abhainn ar a dtugtar Eiliútaras agus ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim.
8 Ghabh Ptoilimí rí ceannas ar chathracha an chósta chomh fada le fearainn Seiliúiciá agus bhí an t‑olc á bheartú gan staonadh aige in aghaidh Alastair.
9 Chuir sé teachtaí go Déimitrias rí á rá: “Tar, déanaimis conradh le chéile agus tabharfaidh mé m'iníon, a bhí mar chéile ag Alastar, duit le pósadh, agus beidh tú i réim i ríocht d'athar.
10 Mar is oth liom anois gur thug mé m'iníon dó, mar rinne sé iarracht ar mé a mharú.”
11 Bhí an milleán á chur aige ar [Alastar] mar gur shantaigh sé a ríocht.
12 Bhain sé a iníon de dá bhrí sin agus thug í do Dhéimitrias; bhí sé in earraid le hAlastar ansin agus ba léir don saol a naimhdeas.
13 Ansin ghabh Ptoilimí isteach in Aintíoch agus chuir coróin na hÁise air féin. Chuir sé dhá choróin ar a cheann, ar an gcuma sin, coróin na hÉigipte agus coróin na hÁise.