70 Theith na fir a bhí le Iónátán chun siúil agus níor fágadh díobh ach Mataitias mac Aibseálóm agus Iúdás mac Chalfaí, cinn feadhna an airm.
71 Stróic Iónátán a éidí agus chuir luaithreach ar a cheann agus rinne guí.
72 Chas sé ar ais chun catha a chur orthu ansin, bhris orthu agus theitheadar.
73 Nuair a chonaic na teifigh óna arm féin é sin, d'fhilleadar ar ais chuige agus chuaigh siad sa tóir in éineacht leis chomh fada le Céidis, mar a raibh longfort an namhad agus shuigh siad féin a longfort ansiúd.
74 Thit suas le trí mhíle eachtrannach an lá sin, agus d'fhill Iónátán ar Iarúsailéim.