18 Seolaigí dá bhrí sin freagra uirthi seo chugainn.
19 Seo cóip den litir a chuir siad go hOinias:
20 Airías, rí na Spartach, go hOinias, an t‑ardsagart, beatha agus sláinte!
21 Fuarthas amach i gcáipéis faoi na Spartaigh agus na Giúdaigh gur bráithre iad agus gur de chlann Abrahám iad.
22 Ós rud é go bhfuil sé sin ar eolas againn, scríobhaigí chugainn le bhur dtoil le scéala faoi bhur gconách.
23 Sé ár dteachtaireacht daoibh ná: is linn bhur n‑eallach agus bhur maoin; agus is libhse ár gcuidne. Tá ordú á thabhairt againn go dtabharfadh ár [dtoscairí] tuairisc dá réir sin daoibh.
24 Chuala Iónátán gur fhill cinn feadhna Dhéimitrias le fórsa níos láidre ná roimhe sin le cogadh a chur air.