29 Ach ní raibh a fhios sin ag Iónátán agus a chuid fear go dtí ar maidin, mar bhí na tinte le feiceáil acu.
30 Chuaigh Iónátán sa tóir orthu ansin, ach theip air teacht suas leo mar go rabhadar imithe thar abhainn Eiliútaras anonn.
31 Chas Iónátán i leataobh dá bhrí sin in aghaidh na nArabach ar a dtugtar Zabadaeigh, bhasc sé iad agus chreach iad.
32 Ansin scoir sé a champa agus d'imigh go dtí an Damaisc agus ghabh tríd an dúiche sin go léir.
33 Ghluais Síomón amach freisin agus mháirseáil tríd an tír chomh fada le hAscalón agus na daingin máguaird. Chas sé i leataobh ansin go Iopa agus ghabh é gan choinne,
34 mar chuala sé go rabhadar réidh leis an dúnfort a thabhairt suas don dream a sheol Déimitrias. Chuir sé garastún ansiúd le hé a chosaint.
35 Nuair a d'fhill Iónátán chuir sé tionól ar sheanóirí an phobail agus chinn sé mar aon leo daingin a thógáil in Iúdáia,