3 Chuaigh na toscairí go dtí an Róimh agus isteach sa seanad leo agus dúirt: “Chuir Iónátán, an t‑ardsagart, agus an náisiún Giúdach sinn chun bhur gconradh cairdis agus síochána leo a athnuachan mar a bhí.”
4 Thug na [Rómhánaigh] litreacha dóibh do mhuintir gach áite le go ndéanfaidís iad a thionlacan slán síochánta go tír Iúdá.
5 Seo coip den litir a sheol Iónátán go dtí na Spartaigh:
6 Iónátán an t‑ardsagart, seanad an chine, na sagairt agus an chuid eile den phobal Giúdach, dá mbráithre, na Spartaigh, beatha agus sláinte!
7 Fadó cuireadh litir go hOinias, an t‑ardsagart, ó Airías a bhí mar rí agaibh, á rá gur bráithre dúinn sibh, mar is léir ón gcóip a ghabhann leis seo.
8 Chuir Oinias fáilte go honórach roimh an toscaire agus ghlac leis an litir; bhí fógra soiléir conartha agus cairdis inti.
9 Anois, dá bhrí sin, cé nach bhfuil aon ghá againn lena leithéid mar go bhfuil ár scríbhinní naofa inár seilbh againn le misneach a thabhairt dúinn,