37 Chruinníodar le chéile chun an chathair a atógáil; bhí cuid den bhalla ar an ngleann thoir tite agus dheisigh sé an chuid ar a dtugtar Cafanata.
38 Thóg Síomón Aidideá sa Seiféalá; dhaingnigh sé é, agus chuir sé geataí le boltaí air.
39 Bhí sé ar intinn ag Trufón rí a dhéanamh de féin ar an Áise agus an choróin a chur ar a cheann féin agus lámh a shíneadh in aghaidh Aintíochas rí.
40 Bhí eagla air nach gceadódh Iónátán dó sin a dhéanamh, ach go bhfearfadh sé cogadh air. Bhí sé ag iarraidh greim a fháil air dá bhrí sin agus é a chur chun báis. Chuir sé chun bealaigh agus tháinig go Béit Seán.
41 Ghluais Iónátán amach ina choinne le daichead míle laoch tofa faoi chóiriú catha agus tháinig sé go Béit Seán.
42 Nuair a chonaic Trufón an slua mór a thug sé leis, níor lig eagla dó lámh a shíneadh ina choinne.
43 Ghlac sé leis go honórach dá bhrí sin agus mhol é dá chairde go léir agus thug tabhartais dó, agus d'ordaigh dá chairde agus dá shaighdiúirí géilleadh dó mar a dhéanfaidís dó féin.