7 Fadó cuireadh litir go hOinias, an t‑ardsagart, ó Airías a bhí mar rí agaibh, á rá gur bráithre dúinn sibh, mar is léir ón gcóip a ghabhann leis seo.
8 Chuir Oinias fáilte go honórach roimh an toscaire agus ghlac leis an litir; bhí fógra soiléir conartha agus cairdis inti.
9 Anois, dá bhrí sin, cé nach bhfuil aon ghá againn lena leithéid mar go bhfuil ár scríbhinní naofa inár seilbh againn le misneach a thabhairt dúinn,
10 tá toscaireacht á cur againn chugaibh lenár mbráithreas agus ár gcairdeas libh a athnuachan d'fhonn nach mbeimis inár strainséirí agaibh, mar is fada anois ó chuir sibh bhur litir chugainn.
11 Tugaimid sibh chun cuimhne i gcónaí ar gach ócáid, ar ár bhféilte agus ar ár laethanta ceaptha eile, sna híobairtí a ofrálaimid, agus inár n‑urnaithe, mar is cóir agus is dual ár mbráithre a thabhairt chun cuimhne.
12 Cuireann bhur nglóir gliondar orainn.
13 Ach maidir linne, tá trioblóidí agus cogaí inár dtimpeall go flúirseach, agus tá cogaí feartha orainn ag na ríthe máguaird.