1 Sa bhliain céad seachtó a dó chruinnigh Déimitrias a shluaite agus mháirseáil isteach sa Mhéide le cabhair a fháil i dtreo go bhféadfadh sé cogadh a chur ar Thrufón.
2 Nuair a chuala Arsacaes rí na Peirse agus na Méide go raibh Déimitrias tagtha isteach ina chríocha, sheol sé duine dá cheannasaithe le breith ina bheatha air.
3 D'imigh seisean agus bhris ar arm Dhéimitrias, ghabh é, agus thug leis go hArsacaes é, agus chuir seisean i ngéibheann é.
4 Bhí an tír faoi shíocháin i gcaitheamh shaol Shíomóin ar fad.Bhíodh sé ar a dhícheall ar mhaithe lena chine,thaitin a réimeas leo,agus a ghlóir ar feadh a shaoil.
5 Mar bharr ar a ghlóir go léir,thóg sé Iopa mar chalafort,agus réitigh bealach go hinsí na mara.