13 Níor fágadh namhaid sa tír le troid leo,agus bascadh na ríthe sna laethanta úd.
14 Neartaigh sé uirísle a phobail;chomhlíon sé an dlí le díograis,agus dhíbir sé gach coirpeach agus ciontach.
15 Thug sé glóir don sanctóir,agus chuir breis lena ghréithe.
16 Chualathas sa Róimh agus i gcéin i Sparta gur cailleadh Iónátán agus bhíodar go dubhach dobrónach.
17 Nuair a chualadar go raibh Síomón a dheartháir ina ardsagart ina áit, agus go raibh sé ag rialú na tíre agus na gcathracha ann,
18 scríobh siad chuige ar tháblaí cré-umha, leis an gconradh cairdis agus síochána a rinneadar lena bhráithre Iúdás agus Iónátán a athnuachan,
19 agus léadh an [scríbhinn] i láthair an chomhthionóil in Iarúsailéim.