17 Nuair a chualadar go raibh Síomón a dheartháir ina ardsagart ina áit, agus go raibh sé ag rialú na tíre agus na gcathracha ann,
18 scríobh siad chuige ar tháblaí cré-umha, leis an gconradh cairdis agus síochána a rinneadar lena bhráithre Iúdás agus Iónátán a athnuachan,
19 agus léadh an [scríbhinn] i láthair an chomhthionóil in Iarúsailéim.
20 Seo cóip den lítir a sheol na Spartaigh:Rialtóirí agus cathair Sparta do Shíomón, ardsagart, agus do sheanóirí agus do shagairt agus don chuid eile den phobal Giúdach, ár mbráithre, beatha agus sláinte.
21 D'inis na toscairí a chuir sibh go dtí ár bpobal i dtaobh bhur nglóire agus bhur n‑onóra, agus chuir a dteacht áthas orainn.
22 Rinneamar a ndúradar a chur ar phár i miontuairiscí ár dtionól poiblí mar leanas: “Tháinig Núiméinias mac Aintíochas agus Antapataer mac Iásón, toscairí na nGiúdach, chugainn lena gcairdeas linn a athnuachan.
23 Bhí ár muintir sásta fáilte onórach a chur roimh na fir sin agus cóip dá dteachtaireacht a chur sa chartlann phoiblí i dtreo go mbeadh cuntas oifigiúil uirthi ag muintir Sparta. Rinne siad cóip de chomh maith do Shíomón an t‑ardsagart.”