20 Seo cóip den lítir a sheol na Spartaigh:Rialtóirí agus cathair Sparta do Shíomón, ardsagart, agus do sheanóirí agus do shagairt agus don chuid eile den phobal Giúdach, ár mbráithre, beatha agus sláinte.
21 D'inis na toscairí a chuir sibh go dtí ár bpobal i dtaobh bhur nglóire agus bhur n‑onóra, agus chuir a dteacht áthas orainn.
22 Rinneamar a ndúradar a chur ar phár i miontuairiscí ár dtionól poiblí mar leanas: “Tháinig Núiméinias mac Aintíochas agus Antapataer mac Iásón, toscairí na nGiúdach, chugainn lena gcairdeas linn a athnuachan.
23 Bhí ár muintir sásta fáilte onórach a chur roimh na fir sin agus cóip dá dteachtaireacht a chur sa chartlann phoiblí i dtreo go mbeadh cuntas oifigiúil uirthi ag muintir Sparta. Rinne siad cóip de chomh maith do Shíomón an t‑ardsagart.”
24 Ina dhiaidh sin chuir Síomón Núiméinias go dtí an Róimh le sciath óir, a raibh míle míoná de mheáchan inti, d'fhonn an conradh a dhaingniú leo.
25 Nuair a chuala an pobal an méid sin, dúradar: “Conas a thabharfaimid buíochas do Shíomón agus dá chlann mhac?
26 Sheas seisean agus a bhráithre agus teaghlach a athar an fód; throid siad agus thiomáin siad ar gcúl naimhde Iosrael agus dhaingnigh a saoirse.”