26 Sheas seisean agus a bhráithre agus teaghlach a athar an fód; throid siad agus thiomáin siad ar gcúl naimhde Iosrael agus dhaingnigh a saoirse.”
27 Ghrean siad cuntas oifigiúil dá bhrí sin ar tháblaí cré-umha agus chuir é ar cholúin Shliabh Shíón. Seo cóip dár scríobh siad: “Ar an ochtú lá déag de Ealúl, sa bhliain céad seachtó a dó, an tríú bliain faoi Shíomón, ardsagart mór, in Asarmal,
28 i gcomhthionól mór na sagart, an phobail, ceannairí an chine, agus seanóirí na tíre, fógraíodh mar leanas dúinn:
29 Nuair a bhí cogaíocht go minic sa tír chuaigh Síomón mac Mhataitias, sagart de chlann Ióairib, agus a dheartháireacha sa bhearna bhaoil agus sheas siad an fód in aghaidh naimhde an náisiúin, d'fhonn go mbeadh a sanctóir agus an dlí buan; agus thuill siad clú agus cáil dá náisiún.
30 Rinne Iónátán an náisiún a dhlúthú le chéile agus bhí sé mar ardsagart acu agus ansin cruinníodh chun a mhuintire é.
31 Nuair a bheartaigh a naimhde ionradh a dhéanamh ar an tír agus lámha a leagan ar an sanctóir,
32 ansin d'éirigh Síomón agus throid ar son a náisiúin. Chaith sé a lán dá chuid airgid féin ag tabhairt airm do fhórsaí na tíre agus ag íoc a dtuarastail.