34 Dhaingnigh sé Iopa freisin, atá ar an gcósta, agus Gazara, atá ar theorainn Azótas, mar a raibh na naimhde ag cur fúthu roimhe sin. Chuir sé Giúdaigh chun cónaithe in Azótas agus sholáthraigh sé dóibh cibé rud a bhí de dhíth le hiad a chur ar a mbonna.
35 Ba léir don phobal creideamh Shíomóin agus an ghlóir a bheartaigh sé a ghnóthú dá chine; rinne siad ceannaire agus ardsagart de toisc na nithe sin go léir a chuir sé i gcrích, agus an chirt agus na dílse lenar chaith sé leis an gcine, agus de bhrí go ndearna sé a dhícheall ar gach slí a phobal a mhóradh.
36 Lena linn bhí rith an rása leo faoina threoir ag caitheamh na bpágánach amach as an tír, fiú lucht chathair Dháiví in Iarúsailéim, a thóg dúnfort dóibh féin as a ndéanaidís ruathair agus comharsanacht an tsanctóra a scriosadh agus a naofacht a thruailliú go mór.
37 Chuir sé saighdiúirí Giúdacha ar stáisiún ann agus dhaingnigh é ar mhaithe le slándáil na tíre agus na cathrach, agus chuir sé le hairde bhallaí Iarúsailéim.
38 Dhaingnigh Déimitrias rí é dá réir sin ina ardsagart.
39 Rinne sé duine dá chairde de agus thug onóir mhór dó.
40 Óir chuala sé gur thug na Rómhánaigh cairde, comhghuaillithe agus bráithre ar na Giúdaigh, agus gur fháiltíodar go honórach roimh thoscairí Shíomóin;