37 Chuir sé saighdiúirí Giúdacha ar stáisiún ann agus dhaingnigh é ar mhaithe le slándáil na tíre agus na cathrach, agus chuir sé le hairde bhallaí Iarúsailéim.
38 Dhaingnigh Déimitrias rí é dá réir sin ina ardsagart.
39 Rinne sé duine dá chairde de agus thug onóir mhór dó.
40 Óir chuala sé gur thug na Rómhánaigh cairde, comhghuaillithe agus bráithre ar na Giúdaigh, agus gur fháiltíodar go honórach roimh thoscairí Shíomóin;
41 agus gur bheartaigh na Giúdaigh agus a sagairt go mbeadh Síomón mar cheannaire buan agus mar ardsagart acu nó go dtiocfadh fáidh iontaofa ar an bhfód.
42 Agus go mbeadh sé mar ghobharnóir orthu, agus go mbeadh sé i bhfeighil an tsanctóra, agus i bhfeighil fir a cheapadh i mbun a ghnóthaí, agus i mbun na tíre, agus i mbun an stóras airm, agus i mbun na ndaingean; go mbeadh sé i gceannas an tsanctóra,
43 agus go ngéillfeadh cách dó, agus go mbeadh a ainm le gach conradh sa tír, agus go gcaithfeadh sé éidí corcra agus ornáidí óir.