5 Mar bharr ar a ghlóir go léir,thóg sé Iopa mar chalafort,agus réitigh bealach go hinsí na mara.
6 Leath sé críocha a chine;choinnigh greim ar an bhfóidín dúchais,
7 agus bhailigh mathshlua cimí.Smachtaigh sé Gazara, Béit Zúr agus an Dúnfort,agus chaith na nithe neamhghlana amach as,agus ní raibh aon duine le cur ina choinne.
8 Shaothraídís a bhfearann i síocháin,agus thug an talamh a fhómhar uaidh,agus crainn an mhachaire a dtorthaí.
9 Shuíodh na seanóirí ar a suaimhneas sna sráideanna,agus bhíodh an conách á phlé acu;chaitheadh an t‑aos óg libhré agus éide chatha.
10 Sholáthraigh sé bia do na cathrachaagus chuir cóir chosanta orthu,i dtreo gur shroich a cháil go himill na cruinne.
11 Dhaingnigh sé síocháin sa tír,agus bhí lúcháir agus áthas mór ar Iosrael.